Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Comhréiteach ar astaíochtaí talmhaíochta, criosanna ar mhaithe le rochtain sábháilte, gearradh siar ar ghás na Rúise, bás David Trimble agus an áit is deise in Éirinn le cuairt a thabhairt uirthi – pléimid príomhscéalta na seachtaine le Dónal Ó Maolfabhail (Stiúrthóir Scun Scan) agus Cormac Ó hAodha (Eagarthóir Feasta).
    18 min
  • Tús Áite: Scéalta Spóirt
    Labhraímid le Cuán Ó Flatharta faoi Chraobh Peile na hÉireann i bpeil na mban, conarthaí proifisiúnta d’imreoirí náisiúnta rugbaí na mban agus conradh nua ag Andy Farrell i rugbaí na bhfear.
    9 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Míshástacht faoin gcomhréiteach ar astaíochtaí talmhaíochta agus conspóid faoi litir Sabina Higgins – scéalta móra an lae le Harry McGee (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times).
    10 min
  • Tús Áite: Colún – Vlad Ned ag iompú ar an Úcráinis
    Tá ionradh na Rúise ar an Úcráin tar éis borradh a chur faoi úsáid agus foghlaim na hÚcráinise, agus baill de phobal na tíre ag iarraidh cúl a thabhairt do chultúr agus do thionchar na Rúise. Duine acu siúd atá tar éis casadh i dtreo na hÚcráinise is ea Vlad Ned (Scriptscríbhneoir, Údar & Eagarthóir), atá lonnaithe i gCív.
    5 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Comhréiteach ar astaíochtaí talmhaíochta agus tuarascáil ón Aire Tithíochta faoi árasáin lochtacha – scéalta móra an lae le John Downing (Tuairisceoir polaitíochta an Irish Independent).
    7 min
  • Tús Áite: Criosanna le Rochtain Sábháilte
    Cuirfear cosc ar agóidí lasmuigh d’ospidéil faoi dhlithe nua atá molta ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly, mar gheall agóidí frith-ghinmhillte lasmuigh d’oispidéil na tíre le tamall anuas. Pléimid é seo le Siobhán Ní Chúlacháin (Abhcóide agus Ball de Lawyers For Choice) agus Ben Ó Floinn (Abhcóide agus Ball de Gaeil ar son na Beatha).
    16 min
  • Tús Áite: Earcú Gaeilgeoirí san earnáil phoiblí
    Mhol Coiste Oireachtais na Gaeilge go gcaithfear cúrsaí nua tríú leibhéal a bhunú le sprioc an stáit a bhaint amach gur cainteoirí Gaeilge a bheadh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030. Pléimid é seo le John Prendergast (Oifigeach Pleanála Teanga Chiarraí Thiar agus Ball den Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge).
    6 min
  • Tús Áite: 28/7/22
    Inniu: John Downing (Tuairisceoir polaitíochta an Irish Independent), Siobhán Ní Chúlacháin (Abhcóide & Ball de Lawyers For Choice), Ben Ó Floinn (Abhcóide le Gaeil ar son na Beatha), Éamon Ó Cuív (TD le Fianna Fáil), John Prendergast (Oifigeach Pleanála Teanga Chiarraí Thiar), Vlad Ned (Scríbhneoir) agus meáin áitiúla le Síle Ní Choinceannain.
    48 min