Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Vóta ginmhillte in Kansas agus Pelosi sa Téaváin
    Vótáil muintir Kansas i gcoinne reachtaíochta a chuirfeadh bac ar chearta ginmhillte ann agus rinne rialtas na Síne bagairt ar na Stáit Aontaithe mar gheall ar thuras Nancy Pelosi go Téaváin. Labhraímid faoin dá scéal seo le An tOllamh Brian Ó Broin (Údar, Tráchtaire agus Ollamh in Ollscoil William Patterson, New Jersey).
    10 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Baol núicléach, costais árachais ag dul i méid leis an ngéarchéim aeráide agus déantáin ón Nígéir á lorg ar ais acu ó Ollscoil Oxford – pléimid na príomhscéalta idirnáisiúnta le hAlan Titley (Colúnaí ón Irish Times agus Ollamh Emeritus le Gaeilge, Coláiste na hOllscoile Corcaigh) agus Niamh Ní Bhroin (Taighdeoir in Ollscoil Oslo).
    14 min
  • Tús Áite: 2/8/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Alan Titley (Colúnaí ón Irish Times agus Ollamh Emeritus le Gaeilge, UCC), Niamh Ní Bhroin (Taighdeoir in Ollscoil Oslo), Seán F Ó Drisceoil (Tráchtaire san Albain), Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí i Meiriceá), Colm Brennan (Dealbhóir) agus Mike Mac Domhnaill (File).
    48 min
  • Tús Áite: Marú Ayman al-Zawahiri agus Nancy Pelosi sa Téaváin
    Dheimhnigh Joe Biden gur mharaigh fórsaí Mheiriceá ceannaire al-Qaeda, Ayman al-Zawahiri, in ionsaí dróin i gCabúl inné. Thuirling Nancy Pelosi sa Téaváin inniu, rud ar bhagair rialtas na Síne gan di a dhéanamh. Pléimid an dá scéal seo le Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí i Meiriceá).
    9 min
  • Tús Áite: 29/7/22
    Ar an gclár inniu: Harry McGee (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times), Frank Reidy (Iar-Cheannfort Airm), Dónal Ó Maolfabhail (Stiúrthóir Scun Scan), Cormac Ó hAodha (Eagarthóir Feasta), spóirt le Cuán Ó Flatharta agus siamsaíocht le Conall Mac Dhonnagáin.
    49 min