Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: 18/8/22
    Inniu: Fionnuala Ní Aoláin (Rapporteur Speisialta don UN), Elaine Loughlin (Leas-Eagraí polaitíochta, Irish Examiner), Séamus Ó Drisceoil (Comhairleoir cánach), Aisling Reilly (Comhalta den Tionól Reachtach, SF), Naoise Ó Cearúil (Comhairleoir Contae, FF), Margaret Ní Chuinneagáin (Stiúrthóir an Clachán) agus meáin áitiúla le Cian Molloy.
    48 min
  • Tús Áite: Cáin Luach Suímh
    Thug an Coimisiún um Chánachas agus Leas comhairle don rialtas go bhféadfadh cáin ar luach suíomhanna ioncaim suntasach sa bhreis a bhailiú don Stát agus tithíocht níos saoire a spreagadh. Labhraímid faoi seo le Séamus Ó Drisceoil (Comhairleoir cánach).
    8 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Clár vacsaínithe don bholgach moncaí agus drogall ar Fhine Gael íocaíocht leasa shóisialaigh a ardú – scéalta móra an lae le hElaine Loughlin (Leas-Eagraí polaitíochta an Irish Examiner).
    6 min
  • Tús Áite: Teip ar spriocanna timpeallachta
    Léiríonn na staitisticí is déanaí ó Eurostat gur mhéadaigh astaíochtaí carbóin 20% sa chéad ceathrú den bhliain seo in ainneoin spriocanna an rialtais. Pléimid é seo le Micheál Ó Cinnéide (Iar-Stiúrthóir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil).
    5 min
  • Tús Áite: Súil ar Uachtaránacht ag Liz Cheney
    Dúirt Liz Cheney go bhfuil sí ag smaoineamh ar sheasamh d’uachtaránacht Mheiriceá tar éis do vótóirí Poblachtánacha i Wyoming bata agus bóthar a thabhairt di i réamhtoghchán. Labhraímid faoi seo le Brian Ó Broin (Léachtóir in Ollscoil William Patterson, New Jersey agus Údar).
    10 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Easpa lóistín do mhic léinn agus conspóid faoi Robert Troy le clár leasanna bhaill na Dála – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).
    8 min
  • Tús Áite: 17/8/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Brian Ó Broin (Léachtóir in Ollscoil William Patterson, New Jersey agus Údar), Micheál Ó Cinnéide (Iar-Stiúrthóir an EPA), Somhairle Mac Uidhir (Iriseoir i mBéal Feirste), Áine Ní Ghlinn (Laureate na nÓg), Lorcán Ó Cinnéide (Bainisteoir Ionad an Bhlascaoid).
    48 min