Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Tine leictreach
    Labhraímid leis an Ollamh Brian Ó Broin (Ollamh in Ollscoil William Patterson i New Jersey, Údar agus Tráchtaire) faoin méid a thit amach ina ghairdín sa drochaimsir i New Jersey.
    8 min
  • Tús Áite: 22/7/22
    Inniu: Harry McGee (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times), Angus Lambkin (Comhordaitheoir Daonchairdis don UN), An tOllamh Brian Ó Broin (Ollamh in Ollscoil William Patterson), Sarah Murphy (Múinteoir Gaeilge ag CUS), Ciarán Dunbar (Iriseoir ón Belfast Telegraph), spóirt le Conall Mac Dhonnagáin agus siamsaíocht le Sinéad Ní Scolaí.
    50 min
  • Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta
    Labhraímid le Sinéad Ní Scolaí faoi dhealbha atá á nochtadh, taispeántas aeir i mBré, féile ealaíne an Earagail, féile All Together Now agus ceolchoirmeacha Workman’s.
    5 min
  • Tús Áite: Príosúnaithe Úcráineacha saoraithe
    Scaoileadh Yuriy Leha, ar labhraíomar lena bhean chéile Olga i mí an Mheithimh, in éineacht le 32 tiománaí deonach eile a bhí gafa ag na Rúisigh, saor. Labhraímid faoi seo le Nadia Dobrianska (Bainisteoir tionscnamh le hIonad Cearta Daonna ZMINA i gCív, ach í lonnaithe in Éirinn anois).
    8 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Méadú ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa in Éirinn le bliain anuas, AIB ag gearradh siar ar sheibhísí agus méadú ar ráta úis ó Bhan Ceannais na hEorpa – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).
    11 min
  • Tús Áite: ECB ag ardú rátaí úis
    D’fhógair Banc Ceannais na hEorpa go bhfuil siad chun 0.5% d’ardú a chur ar rátaí úis, an chéad ardú ó 2011. Labhraímid faoi seo le Brian Ó Ceallaigh (Léachtóir airgeadais in DCU).
    10 min
  • Tús Áite: Pornagrafaíocht mar chuid d’oideachas gnéis
    Beidh cúrsaí pornagrafaíochta, dáileadh íomhánna gnéis ar líne, toiliú agus féiniúlacht inscne san áireamh ar an gcuraclam atá á dhréachtadh don Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte. Pléimid é seo le Maitiú de hÁl (Teagascóir in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Ball den Pháirtí Sóisialach) agus Margaret Hickey (Colúnaí le gript.ie).
    15 min
  • Tús Áite: 21/7/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Brian Ó Ceallaigh (Léachtóir airgeadais in DCU), Maitiú de hÁl (Teagascóir in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Ball den Pháirtí Sóisialach), Margaret Hickey (Colúnaí le gript.ie), Nadia Dobrianska (Bainisteoir tionscnamh le ZMINA) agus meáin áitiúla le hEimear McGovern.
    49 min
  • Tús Áite: An Taoiseach san Áis
    Tá an Taoiseach ag leanúint lena chuairt oifigiúil ar an tSeapáin agus Singeapór inniu agus é mar aidhm aige an caidreamh gnó agus trádála idir Éirinn agus na tíortha sin a neartú. Labhraímid faoi seo le Déaglán Mac Pháidín (Comhairleoir ar chúrsaí gnó san Áis).
    7 min