Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: 20/7/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), John Harrington (Ollamh le Dlí agus Sláinte Domhanda, Ollscoil Caerdydd), Siothrún Sardina (Gníomhaí aeráide le Extinction Rebellion), Seán Ó Lionáird (Saineolaí feirmeoireachta), Déaglán Mac Pháidín (Comhairleoir ar chúrsaí gnó san Áis) agus mír na leabhar le hÁine Ní Ghlinn.
    49 min
  • Tús Áite: Rás ceannaireachta an Pháirtí Chaomhaigh
    Níl ach Rishi Sunak agus Liz Truss fágtha i rás ceannaireachta an Pháirtí Chaomhaigh agus roghnófar Príomh-Aire na Breataine eatarthu ag tús mhí Mheán Fómhair. Labhraímid faoi seo le John Harrington (Ollamh le Dlí agus Sláinte Domhanda, Ollscoil Caerdydd).
    8 min
  • Tús Áite: Cainteanna aeráide san earnáil talmhaíochta
    Tá cainteanna ar siúl inniu idir an Aire Talmhaíochta Charlie McConalogue agus an tAire Iompair Eamon Ryan maidir le laghdú astaíochtaí carbóin ach tá easaontas ann faoi mhéid an laghdaithe san earnáil talmhaíochta. Pléimid é seo le Siothrún Sardina (Gníomhaí aeráide le Extinction Rebellion) agus Seán Ó Lionáird (Saineolaí feirmeoireachta).
    16 min
  • Tús Áite: Mír na Leabhar
    Tugann Áine Ní Ghlinn a léirmheas dúinn ar ‘Dialann Emily Porter: Thíos seal,Thuas seal’ le Richie Conroy (foilsithe ag Leabhair Comhar), ‘Dialann Scubaidín’ le hEnid Blyton (athchóirithe & aistrithe ag Jeanne Willis & Caitlín Ní Chualáin, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht) agus ‘Dialann Dúradáin’ le Jeff Kinney (aistrithe & foilsithe ag Futa Fata).
    9 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Cainteanna idir an Roinn Comhshaoil agus an Roinn Talmhaíochta, brú ar thíortha an Aontais Eorpaigh iomportáil gáis ón Rúis a laghdú agus ullmhú do ráig eile Covid i rith an Gheimhridh – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).
    10 min
  • Tús Áite: Coinníollacha oibre na ndochtúirí
    Mhol Donncha Ó hÉallaithe ar an gclár seo inné gur cheart brú a chur ar chéimithe leighis fanacht sa tír, ach chuaigh Dr Diarmaid Ó Cofaigh (Dochtúir teaghlaigh sa Nua-Shéalainn) ar imirce mar gheall ar choinníollacha oibre in Éirinn. Labhraímid le Diarmaid faoi seo.
    10 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Fionraí bliana ar thaisteal gan víosa do theifigh, athbhreithniú ar bhord Údarás na Gaeltachta agus tuairim ón TD Breandán Ó Grifín ar pholasaithe athrú aeráide an rialtais – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).
    10 min
  • Tús Áite: 19/7/22
    Ar an gclár inniu: Seán Kelly (Feisire Eorpach le Fine Gael), Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Tomás Ó Mainnín (Iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4), Dr Diarmaid Ó Cofaigh (Dochtúir teaghlaigh sa Nua-Shéalainn), Cuan Ó Seireadáin (Coimeadaí le Conradh na Gaeilge agus Cathaoirleach Raidió na Life) agus Colm Ó Néill (Dlíodóir in Oxford).
    48 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Tonn teasa tagtha chun cinn mar thoradh ar an ngéarchéim aeráide, rás ceannaireachta an Pháirtí Chaomhaigh agus cainteanna ag ceannairí ón Tuirc, ón Rúis agus ón Iaráin – pléimid príomhscéalta na seachtaine le Cuan Ó Seireadáin (Coimeadaí le Conradh na Gaeilge agus Cathaoirleach Raidió na Life) agus Colm Ó Néill (Dlíodóir in Oxford).
    15 min