Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Elon Musk agus Twitter
    Tá Elon Musk tar éis tarraingt siar as Twitter a cheannach agus é ag maíomh go raibh níos mó bréagchuntais ar an ardán ná mar a dúradh leis. Labhraímid faoi seo le Diarmuid Ó Muirgheasa (Príomhfheidhmeannach Olus Education).
    9 min
  • Tús Áite: 13/7/22
    Ar an gclár inniu: Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitíochta), Seán Ó Cadhain (Tráchtaire i Newscastle), Dr Seán Ó Conaill (Léachtóir Dlí, Coláiste na hOllscoile Corcaigh), Diarmuid Ó Muirgheasa (Príomhfheidhmeannach Olus Education), Máiréad Hurley (iar-Réalteolaí & Comhalta taighde sa chumarsáid eolaíochta) agus mír na leabhar le hÁine Ní Ghlinn.
    48 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Reifreann ar “ról na mban sa bhaile” a bhaint ón mbunreacht, Bille um Adhlacthaí Forais sínithe ag an Uachtarán agus bunú coiste á moladh le dul i ngleic le bochtanas leanaí – scéalta móra an lae le hÁine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitíochta).
    8 min
  • Tús Áite: Dlíthe fuathchainte
    Tá dlíthe níos déine maidir le coireanna fuatha agus fuathchaint beartaithe ag an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee le go mbeadh sé níos éasca daoine a chúisiú sna cúirteanna leis. Pléimid é seo le Dr Seán Ó Conaill (Léachtóir Dlí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh).
    6 min
  • Tús Áite: Vóta ceannaireachta an Pháirtí Chaomhaigh
    Chaith polaiteoirí an Pháirtí Chaomhaigh vóta inniu sa chéad bhabhta sa phróiséas le ceannaire nua a thoghadh don pháirtí a thiocfaidh i gcomharbacht ar Boris Johnson mar Phríomh-Aire na Breataine. Labhraímid faoi seo le Seán Ó Cadhain (Tráchtaire i Newscastle).
    10 min
  • Tús Áite: Coimisiún Um Thodhchaí na Meán
    Ghlac an rialtas le 49 moladh as 50 bhí i dtuarascáil Choimisiún um Thodhchaí na Meán, ach níor ghlac siad le maoiniú státchiste a chur ar fáil in áit an cheadúnais atá ann faoi láthair. Labhraímid faoi seo le Cathal Goan (Iar-Ardstiúrthóir RTÉ, Iar-Stiúrthóir TG4).
    9 min
  • Tús Áite: Maoiniú nua do na Fórsaí Cosanta
    Tá sé aontaithe ag an rialtas go n-ardófar an buiséad do na Fórsaí Cosanta ó €1.1 billiún go dtí €1.5 billiún faoin mbliain 2028. Labhraímid faoi seo le hEoghan Ó Neachtain (Iar-Oifigeach airm & Iar-Rúnaí preasa rialtais).
    9 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Amhras faoi Nord Stream 1, Uachtarán Sri Lanka ag éirí as i ndiaidh agóidí agus marú 54 duine ón Afganastáin ag SAS na Breataine – pléimid na príomhscéalta idirnáisiúnta le Míchéal Ó hUanacháin (Údar agus iar-Iriseoir le RTÉ) agus Dr Bairbre Ní Chiosáin (Léachtóir ollscoile agus Tráchtaire i dToulouse na Fraince).
    16 min
  • Tús Áite: Deacrachtaí múinteoirí a earcú i mBÁC
    Tá múinteoirí ag fágáil na cathrach i bhfábhar scoileanna tuaithe, nó ag fágáil na múinteoireachta trí chéile mar gheall ar an ngéarchéim chostas maireachtála. Pléimid é seo le Moira Leydon (Ard Rúnaí Cúnta Chumann na Meánmhúinteoirí Éire).
    7 min