Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Rún mímhuiníne Shinn Féin, an Taoiseach ag cruinniú den Chomhairle Angla-Éireannach ar oileán Guernsey agus tionchar rás ceannaireachta na dTóraithe ar an bprótacal – scéalta móra an lae le John Downing (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Independent).
    7 min
  • Tús Áite: 8/7/22
    Ar na gclár inniu: John Downing (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Independent), Pól Ó Finn (a bhfuil blianta caite sa tSeapáin aige mar Chomhordaitheoir idirnáisiúnta), Áine Ní Ghráda (Cúntóir taighde sa tsíceolaíocht), Emmet Ryan (Iriseoir ón Business Post), spóirt le Conall Mac Dhonnagáin agus siamsaíocht le Ruairí Egan.
    49 min
  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Boris éirithe as, Ráiteas Eacnamaíoch an tSamhraidh, cáinaisnéis níos luaithe i mbliana agus rún mímhuiníne Shinn Féin – pléimid príomhscéalta na seachtaine le Áine Ní Ghráda (Cúntóir taighde ag obair i réimse na meabhairshláinte agus na síceolaíochta) agus Emmet Ryan (Iriseoir ón Business Post).
    24 min
  • Tús Áite: Vladyslav Buriak saor
    Ag tús mhí an Mheithimh chraolamar colún raidió le Nadia Dobrianska mar gheall ar chuid de na sibhialtaigh Úcráineacha a bhí fuadaithe ag fórsaí na Rúise. Bhí Vladyslav Buriak ina measc, buachaill sé bliana déag d’aois. Tháinig tuairisc chugainn inniu gur scaoileadh Vladyslav saor agus go bhfuil sé ar ais lena theaghlach.
    1 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Cruinniú rúnda Fhianna Fáil, rún mímhuiníne Shinn Féin, ní chuirfear cúiseanna coiriúla i gcoinne an Tánaiste agus Boris ag éirí as – scéalta móra an lae le John Downing (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Independent).
    7 min
  • Tús Áite: Cruinniú rúnda Fhianna Fáil
    Tá rún mímhuiníne sa Taoiseach á bhagairt ag Sinn Féin mar gur chaill an rialtas an mórlach a bhí acu sa Dáil agus bhí cruinniú rúnda ag 30 ball de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil inné. Labhraímid faoi seo le hÉamon Ó Cuív (Teachta Dála le Fianna Fáil).
    6 min