Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Metrolink
    Tá éirithe leis an Aire Iompair beannacht an rialtais a fháil le leanúint le plean MetroLink le daoine a thabhairt ó chathair Bhaile Átha Cliath chuig an aerfort. Labhraímid faoi seo le Seán Byrne (Iar-Léachtóir eacnamaíochta in Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath).
    8 min
  • Tús Áite: Morgáistí le KBC agus Banc Uladh
    Tá príomh-bhancanna na tíre tar éis 220,000 cuntas nua a oscailt ó thús na bliana agus an-chuid acu mar gheall ar KBC agus Banc Uladh ag fágáil na an mhargaidh. Pléimid é seo le Brendan Burgess (Bunaitheoir askaboutmoney.com agus Saineolaí airgeadais).
    7 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    “Sceimhlitheoirí” á lorg ag an Tuirc ón tSualainn agus ón bhFionlainn, cuairt an Taoisigh ar Chív, foréigean gunnaí i Meiriceá agus stair na Beilge sa Chongó – pléimid na príomhscéalta idirnáisiúnta le Caomhán Ó hÓgáin (Aistritheoir le Comhairle na hEorpa agus Craoltóir le Raidió na Life) agus Niamh Ní Bhroin (Taighdeoir in Ollscoil Oslo).
    17 min
  • Tús Áite: Ráiteas Eacnamaíoch an tSamhraidh
    Aontaíodh ag cruinniú rialtais inniu go mbeidh lá na cáinaisnéise ar an 27 Meán Fómhair i mbliana. Pléimid é seo le Conall Ó Móráin (Saineolaí airgeadais agus Láithreoir an phodchraoladh ‘That Great Business Show’) agus leis an bpainéal.
    18 min
  • Tús Áite: 4/7/22
    Ar an gclár inniu: Diarmuid Ó Muirgheasa (Priomhfheidhmeannach Olus Education), Máirín Hurndall (Craoltóir agus Tráchtaire), Kate Ní Chonaola (Abhcóide), Antóin Ó Lachtnáin (Stiúrthóir Cearta Digiteacha Éireann), Conall Ó Móráin (Saineolaí airgeadais agus Láithreoir an phodchraoladh That Great Business Show) agus Frank Reidy (Iar-Cheannfort Airm).
    48 min
  • Tús Áite: Covid-19
    Tá cásanna ag méadú agus imní á léiriú faoin mbaol a bhaineann le Covid a tholgadh cúpla uair. Pléimid é seo leis an bpainéal.
    9 min
  • Tús Áite: Ionsaí ar an Úcráin
    Tharraing fórsaí na hÚcráine amach as Luhansk nuair a ghabh fórsaí na Rúise Lysychans’k inné. Labhraímid faoi seo le Frank Reidy (Iar-Cheannfort Airm) agus leis an bpainéal.
    16 min
  • Tús Áite: 1/7/22
    Ar an gclár inniu: Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitíochta), Seán Byrne (Iar-Léachtóir san Eacnamaíocht, Institiúid Teicneolaíochta BÁC), Antóin Beag Ó Colla (Scríbhneoir agus Craoltóir), Peadar Ó Caomhánaigh (Iar-Mhéara BÁC Theas agus Bunaitheoir Pop-Up Gaeltacht), spóirt le Conall Mac Dhonnagáin agus siamsaíocht le Sinéad Ní Scolaí.
    49 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Deir an Taoiseach nár chóir aois scor a ardú os cionn 66, cur síos ón Tánaiste ar an gcaidreamh Angla-Éireannach agus buairt laistigh d’Fhianna Fáil faoin gcáinfhaisnéis – scéalta móra an lae le hÁine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitíochta).
    9 min