Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    An Úcráin agus NATO, neamhspleáchas na hAlban, margadh nua timpeallachta na hEorpa agus cinneadh faoin troid idir Ard Mhacha agus Gaillimh sa pheil – pléimid príomhscéalta na seachtaine le hAntóin Beag Ó Colla (Scríbhneoir agus Craoltóir) agus Peadar Ó Caomhánaigh (Iar-Mhéara BÁC Theas agus Bunaitheoir Pop-Up Gaeltacht).
    22 min
  • Tús Áite: Scéalta Spóirt
    Labhraímid le Conall Mac Dhonnagáin faoi imreoirí ar fionraí agus fíneálacha i bpeil na bhfear, cluichí leathchraoibhe san iomáint agus Éire i gcoinne na Nua-Shéalainne i rugbaí na bhfear.
    13 min
  • Tús Áite: Boilsciú
    Deir Eurostat gurb é 9.6% an ráta boilscithe a leagfar ar Éirinn do mhí an Mheithimh. Labhraímid faoi seo le Seán Byrne (Iar-Léachtóir san Eacnamaíocht, Institiúid Teicneolaíochta BÁC).
    11 min
  • Tús Áite: 30/6/22
    Inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Stella O Malley (Síciteiripeoir, Údar & Colúnaí don Irish Independent), Máirín Nic Con Iomaire (Iriseoir, Aistritheoir & Múinteoir), Seán F Ó Drisceoil (Tráchtaire & Comhairleoir Tithíochta Tuaithe san Albain), Dr Bríd Nic Craith (Staraí) agus Concubhar Ó Liatháin (Iriseoir ón Corkman).
    49 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Moladh le dáta na cáinfhaisnéise a bhogadh, foláireamh ón Tánaiste faoin ngéarchéim costas maireachtála agus tuarascáil Shinn Féin faoi chostais do thuistí le páistí scoile – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).
    9 min
  • Tús Áite: Tuarascáil an Choimisiúin ar Mheabhairshláinte
    Foilsíodh tuarascáil bhliantúil an Choimisiúin ar Mheabhairshláinte inniu agus deirtear ann go bhfuil bearna suntasach idir an chóir leighis a fhaigheann othair le hárachas sláinte agus othair sa chóras poiblí. Labhraímid faoi seo le Stella O Malley (Síciteiripeoir, Údar agus Colúnaí don Irish Independent).
    9 min