Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Triail d’ionsaí an Bataclan
    Gearradh téarma príosúin saoil ar Salah Abdeslam i bPáras inniu mar gheall ar an ról a bhí aige san ionsaí ar an Bataclan in 2015. Pléimid é seo le Máirín Nic Con Iomaire (Iriseoir, Aistritheoir agus Múinteoir), a d’aistrigh an leabhar ‘Khalil’ ar an ábhar seo.
    11 min
  • Tús Áite: Taisce Cheol Dúchais Éireann
    Tá taisce d‘ábhar físe agus fuaime ó scéal an cheoil thraidisiúnta i Nua Eabhrach ón ré órga go dtí an lá atá inniu ann á chur ar fáil don phobal i mórthaispéantas ar líne a sheol Taisce Cheol Dúchais Éireann inniu. Labhair Fachtna Ó Drisceoil le hIarfhlaith Ó Domhnaill (Bainisteoir Airgeadais agus Forbartha Gnó le Taisce Cheol Dúchais Éireann).
    6 min
  • Tús Áite: Coiste Eanáir 6
    Thug Cassidy Hutchinson, cúntóir de chuid iar-Cheann Foirne an Tí Bháin Mark Meadows, fianaise inné ag éisteachtaí Eanáir 6 a bhaineann leis an eachtra nuair a glacadh seilbh ar thithe an rialtais in Washington. Labhraímid faoi seo le hÚna Ní Bhroiméil (Léachtóir i stair Mheiriceá i gColáiste Muire gan Smál).
    12 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Dinnéar ag ceannairí an Aontais Eorpaigh agus NATO in Madrid, tuarascáil ón gCoiste Fiontraíochta ar chearta oibrithe agus cosc ar tháille seirbhíse muna dtéann sé díreach chuig na hoibrithe – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).
    8 min
  • Tús Áite: 29/6/22
    Inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Eoghan Ó Neachtain (Iar-Oifigeach airm & Iar-Rúnaí preasa rialtais), Úna Ní Bhroiméil (Léachtóir i stair Mheiriceá i gColáiste Muire gan Smál), Siothrún Sardina (Gníomhaí Aeráide), Iarfhlaith Ó Domhnaill (Bainisteoir Airgeadais & Forbartha Gnó ITMA) & mír na leabhar le hÁine Ní Ghlinn.
    48 min
  • Tús Áite: Kramatorsk
    Foilsíodh an dán ‘Kramatorsk’ le Gearóid de Briotúin (File) in eagrán mhí Bealtaine d’iris Comhar mar gheall ar ionsaí na Rúise ar chathair Kramatorsk in oirthear na hÚcráine. Labhraíonn Fachtna Ó Drisceoil leis faoi seo.
    9 min
  • Tús Áite: An tArm in Aerfort BhÁC
    Tá an rialtas leis an Arm a thabhairt isteach in aerfort Átha Cliath le cabhrú leis na deacrachtaí leanúnacha a éascú. Pléimid é seo le hEoghan Corry (Iriseoir taistil, Údar & Craoltóir).
    10 min