Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Fothoghcháin sa Ríocht Aontaithe
    Bhuaigh na Daonlathaithe Liobrálach agus Pairtí an Lucht Oibre dhá shuíochán i bhfothoghcháin sa Bhreatain inné in áiteanna a raibh na suíocháin sin faoi sheilbh ag na Tóraithe le fada. Labhraímid faoi seo le John Harrington (Ollamh le Dlí agus Sláinte Domhanda, Ollscoil Caerdydd).
    7 min
  • Tús Áite: 24/6/22
    Inniu: Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media), Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí, SAM), John Harrington (Ollamh le Dlí & Sláinte Domhanda, Ollscoil Caerdydd), Criostóir Ó Faoláin (Ionadaí don Chomhaontas Glas i nDún Garbhán), Róisín Ní Fhloinn (Oibrí margaíochta), spóirt le Cuán Ó Flatharta & siamsaíocht le Conall Mac Dhonnagáin.
    49 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    200,000 duine ag dul tríd aerphort BÁC agus iarratas na Macadóine Thuaidh ballraíocht a fháil san Aontas Eorpach – scéalta móra an lae le Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media).
    8 min
  • Tús Áite: Roe v Wade ar ceal agus rialú gunnaí
    Cuireadh bille tríd Seanad Mheiriceá maidir le rialú gunnaí inné, ach chuir Cúirt Uachtarach Mheiriceá rialú Row v Wade ar ceal inniu, rud a bhaineann cearta ó mhná maidir le ginmhilleadh. Pléimid é seo le Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí i Meiriceá).
    9 min
  • Tús Áite: Borradh agus Boilsciú i dtuairisc an ESRI
    Beidh borradh láidir faoin ngeilleagar i mbliana dar le tuarascáil de chuid an Institiúid um Thaighde Eacnamaíoch agus Sóisialta mar gheall ar chuideachtaí ilnáisiúnta go príomha, ach an ndéanfaidh sé sin aon difríocht don ghnáthdhuine nuair atá rátaí boilscithe ag dul in airde? Pléimid é seo le Tony Fahey (Ollamh le Polasaí Sóisialta I UCD).
    9 min
  • Tús Áite: 23/6/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), John Downing (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Independent), Tony Fahey (Ollamh le Polasaí Sóisialta I UCD), An tOllamh Brian Ó Broin (Léachtóir in Ollscoil William Patterson in New Jersey, Údar agus Tráchtaire) agus Eimear McGovern (Iriseoir ón Belfast Telegraph).
    48 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Ardú ar dhaonra na tíre, arduithe pá, úinéirí tí míoca os comhair Choiste Oireachtais agus coiste comhairleach bunaithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).
    11 min
  • Tús Áite: Imní Mheiriceá faoin bPrótacal
    Tá rialtas Joe Biden tar éis a gcuid imní a chur in iúl do rialtas na Breataine maidir leis an reachtaíocht a chuirfeadh codanna de phrótacal Thuaisceart Éireann ar ceal. Pléimid é seo leis an Ollamh Brian Ó Broin (Léachtóir in Ollscoil William Patterson in New Jersey, Údar agus Tráchtaire).
    9 min