Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Saor Ár Saoire
    Sheol Cumann Ailse na hÉireann feachtas Saor Ár Saoire inniu agus iad ag éileamh go mbeadh cead ag mná a saoire máithreachais a chur ar athló tar éis diagnóis ailse. Labhair Fachtna Ó Drisceoil le hErica Tierney (a fuair diagnóis ailse agus í ag iompar clainne ach nach raibh cead aici a saoire máithreachais a chur ar athló) faoi seo.
    7 min
  • Tús Áite: Fuadach san Úcráin
    Ghabh fórsaí na Rúise Yuriy Leha ar an 31ú Márta agus é ag tarrtháil sibhialtaigh ó chathair Mariupol. Labhraímid faoi seo lena bhean chéile, Olga Leha (aistrithe ag Nadia Dobrianska le guthú ó Shinéad Ní Uallacháin) agus le hAngus Lambkin (Comhardaitheoir Daonchairdis leis na Náisiúin Aontaithe).
    15 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Brú ar an rialtas filleadh ar idirbheartaíocht leis an earnáil phoiblí, beartais éigeandála cáinfhaisnéise, agóid ag cúramóirí leanaí agus argóint idir an Aire Tithíochta Darragh O’Brien agus an TD neamhspléach tuaithe Carol Nolan – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).
    10 min
  • Tús Áite: 22/6/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Barry Ward (Seanadóir le Fine Gael), Angus Lambkin (Comhardaitheoir Daonchairdis leis na Náisiúin Aontaithe), Stella O Malley (Síctheiripeoir, Údar agus Colúnaí leis an Irish Independent) agus mír na leabhar le hÁine Ní Ghlinn.
    49 min