Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Boris ag éirí as
    Tá Boris Johnson tar éis éirí as mar cheannaire ar an bPáirtí Caomhach sa Bhreatain ach leanfaidh sé air mar Phríomh Aire go dtí go roghnófar ceannaire eile. Pléimid é seo le Ronan McCrea (Ollamh le Dlí Bunreachtúil agus Eorpach, Coláiste na hOllscoile Londain) agus Éamon Ó Cuív (Teachta Dála le Fianna Fáil).
    14 min
  • Tús Áite: 7/7/22
    Ar an gclár inniu: Ronan McCrea (Ollamh le Dlí Bunreachtúil agus Eorpach, UCL), Éamon Ó Cuív (Teachta Dála le Fianna Fáil), John Downing (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Independent), Ian Malcolm (Tráchtaire agus Údar), mír na leabhar le hÁine Ní Ghlinn (Scríbhneoir agus Laureate na nÓg) agus mír na meán áitiúil le hÁine Mhaoir (Saoririseoir).
    49 min
  • Tús Áite: Boris i mbaol
    Tá an BBC ag tuairisciú go bhfuil grúpa d’airí rialtais chun iarraidh ar Boris Johnson seasamh síos mar Phríomh Aire. Pléimid é seo le Póilín Ní Chiaráin (Iriseoir i mBéal Feirste) agus Oisín Mac Conamhna (Oibrí sa tionscadal airgeadais i Londain).
    20 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Cuairt an Taoisigh ar Chív agus beartais le dul i ngleic le costais do pháistí scoile – scéalta móra an lae le John Downing (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Independent).
    5 min
  • Tús Áite: Tromlach caillte ag an rialtas
    Chaith an TD Joe McHugh vóta i gcoinne an rialtais inniu, rud a chuirfidh deireadh le tromlach a bheith ag an rialtas sa Dáil. Labhraímid faoi seo (agus an scéal ag briseadh) le John Downing (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Independent).
    7 min
  • Tús Áite: 6/7/22
    Ar an gclár inniu: Póilín Ní Chiaráin (Iriseoir i mBéal Feirste), Oisín Mac Conamhna (Oibrí sa tionscadal airgeadais i Londain), John Downing (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Independent), Peadar Ó Caomhánaigh (Iar-Mhéara BÁC Theas agus Bunaitheoir an Phop-Up Gaeltacht) agus Edel Mhic Amhlaidh (Aturnae le MABS).
    48 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    An Taoiseach ag dul ar cuairt chuig Cív, reachtaíocht brúite tríd sula dtéann an Dáil ar scor, ráig eile Covid linn agus an Metrolink – John Downing (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Independent).
    8 min
  • Tús Áite: 5/7/22
    Ar an gclár inniu: John Downing (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Independent), Seán Byrne (Iar-Léachtóir eacnamaíochta in DIT), Brendan Burgess (Saineolaí airgeadais), Siothrún Sardina (Urlabhraí le Extinction Rebellion), Caomhán Ó hÓgáin (Aistritheoir le Comhairle na hEorpa) agus Niamh Ní Bhroin (Taighdeoir in Ollscoil Oslo).
    48 min
  • Tús Áite: Tuairisc ó Fhuinneamh Gaoithe Eireann
    Tá gach plean agus sprioc atá ag an rialtas chun astachtaí carbóin a laghdú "easnamhach" dar le tuairisc nua foilsithe ag Fuinneamh Gaoithe Éireann. Labhraímid faoi seo le Siothrún Sardina (Urlabhraí athrú aeráide Extinction Rebellion).
    9 min