Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Tearcrochtain fuinnimh
    Áirítear 29% de líon tí an stáit a bheith ag streachailt le costais fhuinnimh, dar le tuarascáil nua ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta. Pléimid é seo le Ciarán Mac an Bhaird (Ceann Scoile, Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath).
    9 min
  • Tús Áite: Cruinniú na gceannairí Eorpacha
    Tá Uachtarán na Fraince, Seansailéir na Gearmáine agus Príomh-Aire na Iodáile i gCív inniu le bualadh le hUachtarán na Úcraine. Pléimid é seo le Robert Henneberg (Ceannasaí Cultúir agus Cumarsáide le hAmbasáid na Gearmáine).
    8 min
  • Tús Áite: 100 bliain de Ulysses
    Céad bliain ó shin inniu i mbliana a foilsíodh mórshaothar James Joyce, an t-úrscéal Ulysses. Labhraímid faoi seo le hEoin P Ó Murchú (Aistritheoir atá i mbun eagarthóireachta ar leaganacha Gaeilge de shaothair Joyce in Ollscoil Mhá Nuad).
    7 min
  • Tús Áite: 15/6/22
    Inniu: John Downing (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Independent), Dr Seán Ó Conaill (Léachtóir dlí, Ollscoil Chorcaí), Seán F Ó Drisceoil (Tráchtaire san Albain), Fionnuala Ní Aoláin (Rapporteur Speisialta um Chearta Daonna leis na Náisiúin Aontaithe), Anthony O’Connor (Dochtúir Comhairleach) agus mír na leabhar le hÁine Ní Ghlinn.
    49 min
  • Tús Áite: Reifreann Neamhspleáchais eile don Albain
    D’fhógair Céad Aire na hAlban Nicola Sturgeon inné go raibh mandáid doshéanta ann leanúint le reifreann neamhspleáchais eile agus mhaígh sí go raibh cás láidir anois ann an Ríocht Aontaithe a fhágáil. Pléimid é seo le Seán F Ó Drisceoil (Tráchtaire agus Comhairleoir Tithíochta Tuaithe san Albain).
    9 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Cás dlí an Aontais Eorpaigh i gcoinne na Breataine agus conspóid faoi ráiteas an Uachtaráin maidir le tithíocht – scéalta móra an lae le John Downing (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Independent).
    9 min