Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Vóta Muiníne Boris Johnson, páipéar T2 na Gaeilge don Teastas Sóisearach agus eachtraí Eanáir 6 ar Capitol Hill – pléimid príomhscéalta na seachtaine le Conall Ó Dufaigh (Múinteoir meánscoile) agus Darach Ó Conchúir (Iriseoir Spóirt).
    16 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Reachtaíocht chun codanna den Phrótacal a chur ar ceal le foilsiú ar an Luan agus Keir Starmer sna sé chondae – scéalta móra an lae le hÁine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitíochta).
    4 min
  • Tús Áite: 9/6/22
    Ar an gclár inniu: John Downing (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Independent), Dr Úna Ní Bhroiméil (Léachtóir le stair Mheiriceá i gColáiste Muire gan Smál), Seán Byrne (Iar-Léachtóir eacnamaíochta in Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath), Ronan McCrea (Ollamh le Dlí Bunreachtúil agus Eorpach, UCL) agus meáin áitiúla le Catherine Foley.
    49 min
  • Tús Áite: Ús le hardú ag Banc Ceannais na hEorpa
    Táthar ag súil le go n-aontóidh Comhairle Bhanc Ceannais na hEorpa athruithe móra ar pholasaí airgeadais an eurozón ag cruinniú in Amsterdam inniu. Labhraímid faoi seo le Seán Byrne (Iar-Léachtóir eacnamaíochta in Institiúid Theicneolaíochta BhÁC (anois Ollscoil Teicneolaíochta BhÁC)).
    8 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain Keir Starmer i mBÁC agus méadú 8% ar bhoilsciú le bliain anuas – scéalta móra an lae le John Downing (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Independent).
    6 min
  • Tús Áite: Fiosrúchán faoin 6ú Eanáir 2021
    Tá a chéad éisteacht ar siúl um thráthnóna ag an gcoiste de chuid Theach na nIonadaithe a bheidh ag fiosrú eachtraí a tharla ar an 6ú Eanáir 2021. Pléimid é seo le Dr Úna Ní Bhroiméil (Léachtóir le stair Mheiriceá i gColáiste Muire gan Smál).
    12 min