Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Teachtaireacht an Taoisigh do rialtas na Breataine mar gheall ar Phrótacal Thuaisceart Éireann agus tacaíocht léirithe aige do bhallraíocht na hÚcráine san Aontas Eorpach – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).
    9 min
  • Tús Áite: Tionchar aighneas na dTóraithe ar an bPrótacal
    Dúirt an Taoiseach gur íospointe stairiúil a bheadh ann má chuireann an Bhreatain codanna den Phrótacal ar leataobh. Pléimid é seo le John Harrington (Ollamh le Dlí agus Sláinte Domhanda, Ollscoil Caerdydd) agus Gearóid Ó Muilleoir (ón Sunday World agus Eagarthóir Seachtain).
    13 min
  • Tús Áite: Scrúduithe stáit tosaithe inniu
    Rinne daltaí Ardteiste a gcuid scrúduithe ar an láthair inniu den chéad uair ó 2019, agus den chéad uair riamh I nGaelcholáiste an Phiarsaigh. Thug ár gcomhléiritheoir Tristan Rosenstock cuairt ar Ghaelcholáiste an Phiarsaigh inniu le labhairt leis na daltaí agus múinteoirí ann.
    8 min
  • Tús Áite: 8/6/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), John Harrington (Ollamh le Dlí agus Sláinte Domhanda, Ollscoil Caerdydd), Gearóid Ó Muilleoir (ón Sunday World agus Eagarthóir Seachtain), Moira Leydon (Ard Rúnaí Cúnta Chumann na Meánmhúinteoirí, Éire), Siothrún Sardina (Gníomhaí Aeráide) agus leabhair le hÁine Ní Ghlinn.
    49 min
  • Tús Áite: Vóta muiníne buaite ag Boris
    Bhuaigh Boris Johnson vóta muiníne aréir ach vótáil níos mó ná 40% d’fheisirí Caomhacha ar son bata agus bóthar a thabhairt dó. Labhraímid faoi seo le Niall Ó Gallchóir (Comhfhreagraí polaitíochta BBC Alba).
    9 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Imní faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann mar gheall ar easaontas sa pháirtí Caomhach, an tAire Gnóthaí Eachtracha ag dul ar cuairt chuig an bhFionlainn agus an tSualainn agus an Taoiseach ag dul go Parlaimint na hEorpa in Strasbourg – scéalta móra an lae le Harry McGee (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times).
    8 min