Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Moill ar íocaíocht d’altraí
    Tá míshástacht léirithe ag Cumann na nAltraí agus na mBan Cabhrach nach bhfuil an íocaíocht atá geallta d’altraí na tíre faighte ach ag céatadán beag de na haltraí fós. Pléimid é seo le Phil Ní Sheaghdha (Ardrúnaí Chumann na nAltraí agus na mBan Cabhrach).
    6 min
  • Tús Áite: 2/6/22
    Ar an gclár inniu: Harry McGee (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times), Antóin Ó Lachtnáin (Stiúrthóir Chearta Digiteacha Éireann), Antóin Mac Unfraidh (Iar-thaidhleoir), Nadia Dobrianska (Bainisteoir tionscnamh le hIonad Cearta Daonna ZMINA), Phil Ní Sheaghdha (Ardrúnaí an INMO) agus na meáin áitiúla le Síle Ní Choincheannain.
    49 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    An Taoiseach míshásta le bainistíocht Aerfort BhÁC agus cruinniú ag an Aire Stáit um Oideachais Speisialta le grúpaí ionadaíocha do dhaltaí le riachtanais speisialta – scéalta mór an lae le Harry McGee (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times).
    11 min
  • Tús Áite: Aghaidh-aithint fíor-ama do na Gardaí
    Tá reachtaíocht nua á chur le chéile a thabharfaidh cumhacht do Ghardaí daoine a aithint agus a leanúint láithreach ó shruth ceamaraí ag baint úsáide as teicneolaíocht aghaidh-aithinte. Labhraímid faoi seo le hAntóin Ó Lachtnáin (Stiúrthóir Chearta Digiteacha Éireann).
    9 min
  • Tús Áite: Coiste Cróinéara R116
    Dúirt an Ceannfort Tony Healy go ndearnadh ceann de na hiarrachtaí cuardaigh is mó dá bhfaca sé ina shaol le teacht ar láthair thimpiste an R116 agus é ag tabhairt fianaise ag an gCoiste Cróinéara i mBéal a’ Mhuirthead inniu. Labhraímid faoi seo le hÁine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitíochta).
    5 min
  • Tús Áite: Tuairisc ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
    Deir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go caithfear gach polasaí agus plean aeráide a chur i bhfeidhm agus beartais bhreise a chur i grích má tá Éire lena sprioc de laghdú astaíochtaí 51% a bhaint amach faoin mbliain 2030. Pléimid é seo le Róisín Garvey (Seanadóir ón gComhaontas Glas).
    8 min
  • Tús Áite: Córas nua Aerfort BhÁC
    Tá Aerfort Bhaile Átha Cliath le córas nua a chur i bhfeidhm le cinntiú nach gcailleann paisinéirí a n-eitiltí thar an deireadh seachtaine saoire poiblí. Pléimid é seo le Pádraig Ó Céidigh (Iar-Chathaoirleach Aerfort na Sionainne agus Iar-Úinéir Aer Arann).
    7 min