Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Luchtaire coiteann do gach fón
    D’fhógair an Coimisiún Eorpach go mbeidh ar gach fón póca nua a dhéantar, fóin de chuid Apple san áireamh, luchtaire USB-C a úsáid as seo amach. Pléimid é seo le Diarmuid Ó Muirgheasa (Príomhfheidhmeannach ar an gcomhlacht teicneolaíochta Olus Education).
    9 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Dearbhú ar breis agus 4000 sibhialtach marbh ón gcogadh san Úcráin, 50 duine marbh in ionsaí ar eaglais Chaitliceach sa Nigéir agus conspóid faoi Ryanair san Afraic Theas – pléimid na príomhscéalta idirnáisiúnta le Niamh Ní Bhroin (Taighdeoir in Ollscoil Oslo) agus Alan Titley (Colúnaí don Irish Times agus Ollamh Emeritus le Gaeilge, UCC).
    14 min
  • Tús Áite: 7/6/22
    Ar an gclár inniu: Harry McGee (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times), Niall Ó Gallchóir (Comhfhreagraí polaitíochta BBC Alba), Diarmuid Ó Muirgheasa (Príomhfheidhmeannach Olus Education), Niamh Ní Bhroin (Taighdeoir in Ollscoil Oslo) agus Alan Titley (Colúnaí don Irish Times agus Ollamh Emeritus le Gaeilge, UCC).
    49 min
  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Scuainí in Aerfort BhÁC, smachtbhannaí ar ola na Rúise agus tuairisc ón nGíomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil – pléimid príomhscéalta na seachtaine le Concubhar Ó Liatháin (Iriseoir ón Corkman & Seachtain) agus Seán Ó hArgáin (Príomhoide Ghaelscoil Osraí agus Leas-Uachtarán Ghaeloideachas).
    15 min
  • Tús Áite: Fiseán ag magadh faoi mharú Michaela McAreavey
    Deir na póilíní sna 6 chondae go bhfuil siad ag fiosrú ar briseadh aon dlí i bhfíseán ar déanadh magadh ann faoi mharú Michaela McAreavey. Pléimid é seo le Gearóid Ó Muilleoir (ón Sunday World agus Eagarthóir Seachtain) agus Caoimhe Ní Chathail (Iriseoir i mBéal Feirste).
    10 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Físeán ag magadh faoi mharú Michaela MacAreavey agus an Taoiseach ag comhdháil ALDE – scéalta móra an lae le Harry McGee (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times).
    4 min
  • Tús Áite: Gaelcholáiste Dhún Dealgan
    Beidh méanscoil lán-Ghaeilge nua Gaelcholáiste Dhún Dealgan ag oscailt a ndoirse i mí Mhéan Fómhair 2023. D’fhreastail Fachtna ar ócáid aréir le ceiliúradh a dhéanamh ar shíniú an léasa don fhoirghneamh ina mbeidh an scoil nua.
    10 min
  • Tús Áite: 3/6/22
    Inniu: Gearóid Ó Muilleoir (ón Sunday World & Eagarthóir Seachtain), Caoimhe Ní Chathail (Iriseoir i mBéal Feirste), Harry McGee (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times), Concubhar Ó Liatháin (Iriseoir ón Corkman & Seachtain), Seán Ó hArgáin (Leas-Uachtarán Ghaeloideachas), spóirt le Cuán Ó Flatharta agus siamsaíocht le Conall Mac Dhonnagáin.
    58 min