Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Scéim sadhlais
    Tá scéim molta ag an Aire Talmhaíochta Charlie McConalogue ina bhféadfadh feirmeoirí íocaíocht €100 a fháil as gach heicteár sadhlais a ghearrann siad, gan dul thar 10 heictéar. Labhraímid faoi seo le Seán Ó Lionáird (Saineolaí talmhaíochta).
    7 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Ionsaithe ar Mariupol, ballraíocht i NATO á lorg ag an tSualainn agus ag an bhFionlainn agus brú inmheánach ar Putin – pléimid na príomhscéalta idirnáisiúnta ag Déaglán de Bréadún (Tráchtaire agus Colúnaí ón Irish News) agus Niamh Ní Bhroin (Taighdeoir in Ollscoil Oslo).
    11 min
  • Tús Áite: 3/5/22
    Ar an gclár inniu: Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media/the Press Association), Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí i Meiriceá), Ciarán Dunbar (Iriseoir ón Belfast Telegraph), Seán Ó Lionáird (Saineolaí talmhaíochta), Déaglán de Bréadún (Tráchtaire agus Colúnaí ón Irish News) agus Niamh Ní Bhroin (Taighdeoir in Ollscoil Oslo).
    48 min
  • Tús Áite: Roe v Wade le hathrú
    Tá cinneadh déanta ag Cúirt Uachtarach Mheiriceá cinneadh Roe v Wade, a cheadaigh cearta ginmhillte sna Stáit Aontaithe, a athrú. Labhraímid faoi seo le Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí i Meiriceá).
    10 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Socrú nua don Ospidéal Máithreachais Náisiúnta, laghdú ar chostas molta don oideachas tríú leibhéal agus cuairt á tabhairt ag an gCeann Comhairle agus Cathaoirleach an tSeanaid ar an Úcráin – scéalta móra an lae le Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media/the Press Association).
    10 min
  • Tús Áite: Sinn Féin chun cinn sna 6 chondae
    Léirigh pobalbhreith LucidTalk don Belfast Telegraph go bhfuil tacaíocht Shinn Féin ar 26% agus an DUP ar 20% agus toghchán na 6 chondae beagnach linn. Pléimid é seo le Gearóid Ó Muilleoir (ón Sunday World agus Eagarthóir Seachtain).
    12 min