Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: 29/4/22
    Ar an gclár inniu: Alan Dukes (iar-Chathaoirleach an Bhainc Angla-Éireannaigh), Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitíochta), Gearóid Ó Muilleoir (ón Sunday World agus Eagarthóir Seachtain), Róisín Costello (Ollamh Cúnta sa Dlí, DCU), Macdara Mac Donncha (Tráchtaire spóirt), spóirt le Cuán Ó Flatharta agus siamsaíocht le Conall Mac Dhonnagáin.
    49 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Ráta boilscithe ag ardú agus Sinn Féin chun cinn sna pobalbhreitheanna do thoghchán na 6 chondae – scéalta móra an lae le hÁine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitíochta).
    6 min
  • Tús Áite: Cúrsaí Spóirt
    Labhraímid le Cuán Ó Flatharta faoi chluichí i gCraobhchomórtas na hÉireann sa pheil agus san iománaíocht agus Katie Taylor ag troid in Madison Square Garden sa dornálaíocht.
    8 min
  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Móin pléite sa Dáil, fo-choiste le cabhrú le teifigh ón Úcráin, stop le soláthar gáis na Rúise chuig an bPolainn agus an chuig an mBulgáir agus Elon Musk ag ceannach Twitter – pléimid príomhscéalta na seachtaine le Róisín Costello (Ollamh Cúnta, Scoil an Dlí in Ollscoil Chathair Atha Cliath) agus Macdara Mac Donncha (Tráchtaire spóirt).
    12 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Scaireanna á n-aistriú maidir leis an Ospidéal Náisiúnta Máithreachais, líomhaintí séanta ag an Tánaiste faoin sceitheadh cáipéis agus conspóid faoi shrian ar dhíol móna – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).
    19 min
  • Tús Áite: 28/4/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Trevor Ó Clochartaigh (Stiúrthóir Oibríochtaí agus Acmhainní Daonna le TG4), Seán Kelly (Feisire Eorpach le Fine Gael), Siothrún Sardina (Gníomhaí Aeráide) agus mír na meán áitiúil le Síle Ní Choincheannain.
    49 min
  • Tús Áite: Foraoisí Báistí
    Scriosadh achar 10 bpáirc peile ar an méan d’fhoraoisí tropaiceacha gach nóiméad le linn na bliana seo caite de réir taighde nua ó Global Forest Watch. Labhraímid faoi seo le Siothrún Sardina (Gníomhaí Aeráide).
    7 min
  • Tús Áite: Figiúirí féachana TG4 faoi rún
    Theip ar achomharc a rinne Tuairisc.ie i gcoinne chinneadh TG4 gan figiúirí féachana Nuacht TG4 agus 7Lá chur ar fáil faoin Acht Um Shaoraíl Fáisnéise. Labhraímid faoi seo le Trevor Ó Clochartaigh (Stiúrthóir Oibríochtaí agus Acmhainní Daonna le TG4).
    11 min