Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: 26/4/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Frank Allen (Cisteoir DePaul Housing), Póilín Ní Chiaráin (Iriseoir i mBéal Feirste), Emmet Ryan (Iriseoir ón Business Post), Caoimhe de Barra (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Trócaire) agus Dr Úna Ní Bhroiméil (Léachtóir le stair Mheiriceá i gColáiste Muire gan Smál).
    49 min
  • Tús Áite: Olltoghchán ar na bacáin?
    Dúirt Urlabhraí airgeadais Shinn Féin nár chóir go dtiocfadh Leo Varadkar i gcomharbas ar Mhicheál Martin mar Thaoiseach ag deireadh na bliana seo ach gur chóir go mbeadh olltoghchán ann ina áit sin. Pléimid é seo leis an bpainéal.
    5 min
  • Tús Áite: 25/4/22
    Ar an gclár inniu: Aonghus Ó hAlmhain (Innealtóir bogearraí agus blagadóir), Ruth Mhic Adaim (Príomhoide Ghaelscoil Shliabh Rua), Réaltán Ní Leannáin (Scríbhneoir), Ian Malcolm (Tráchtaire agus Údar) agus Dr Bairbre Ní Chiosáin (Léachtóir ollscoile agus tráchtaire in Toulouse sa Fhrainc).
    48 min
  • Tús Áite: Toghchán na Fraince
    Bhuaigh Macron toghchán Uachtaránachta na Fraince agus deir sé go mbeidh sé ina Uachtarán do gach duine sa dara téarma aige. Labhraímid faoi seo le Dr Bairbre Ní Chiosáin (Léachtóir ollscoile agus tráchtaire in Toulouse sa Fhrainc) agus leis an bpainéal.
    13 min
  • Tús Áite: Scéalta Spóirt
    Labhraímid le Conall Mac Dhonnagáin faoi Chraobhchomórtas na hÉireann sa pheil agus san iomáint, Éire i gcoinne na Breataine i gcomórtas rugbaí 6 Náisiún na mban, Uladh agus Mumhan i gcoinne a chéile i rugbaí na bhfear agus bainisteoir nua ag Man United sa sacar.
    7 min
  • Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta
    Labhraímid le Sinéad Ní Uallacháin faoi scannán ‘Arracht’ á thaispeáint i gCorca Dhuibhne, na Bopóga fillte ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Lá Mór na Gaeilge i gCearnóg Pharnell.
    4 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Íocaíocht do dhaoine a thugann lóistín d’Úcránaigh agus rialtas na Breataine ag bagairt comhaontú aistarraingthe na Breatimeachta a shárú. Labhraímid faoi seo le Gráinne Ní Aodha (Iriseoir ón Journal).
    5 min