Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Peataí ón Úcráin
    Tá tuairim is 600 peata tagtha go hÉirinn ón Úcráin le dhá mhí anuas. Pléimid é seo le Joe Mag Raollaigh (Comhfhreagraí Talmhaíochta agus Gnóthaí Tomhaltóirí RTÉ).
    6 min
  • Tús Áite: 20/4/22
    Inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Ciarán Ó Caomhánaigh (Múinteoir i nGaelcholáiste Reachrainn), Eoghan Ua Conaill (Ceoltóir agus File), Joe Mag Raollaigh (Comhfhreagraí Talmhaíochta agus Gnóthaí Tomhaltóirí RTÉ), Eoghan Ó Neachtain (Iar-Oifigeach Airm agus Iar-Rúnaí preasa an rialtais) agus mír na meán le Rónán Ó Muirthile.
    50 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Cruinniú ag an Taoiseach le Príomh-Aire na hÚcráine, rúin faoin nGaeilge ag comhdháil Chumann na mBunmhúinteoirí agus rúin eile ag comhdháil Chumann na Meánmhúinteoirí Éire – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), chomh maith le Ciarán Ó Caomhánaigh (Múinteoir Gearmáinise agus Gaeilge i nGaelcholáiste Reachrainn).
    16 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Comhdhálacha múinteoirí agus an tAire Gnóthaí Eachtracha le labhairt le Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), chomh maith le Seán Ó hArgáin (Príomhoide Ghaelscoil Osraí agus Uachtarán Ghaeloideachas) agus Orlaith Ní Fhoghlú (Múinteoir i Scoil Mológa).
    21 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Ionsaí na Rúise ar an Úcráin, leithscéal Boris faoin gcóisir breithe agus toghchán na Fraince ar na bacáin – pléimid na príomhscéalta idirnáisiúnta le Colm Ó Néill (Dlíodóir in Oxford) agus Déaglán de Bréadún (Tráchtaire agus Colúnaí ón Irish News).
    18 min
  • Tús Áite: Teannas sna 6 chondae
    Teannas i nDoire ag comóradh Cásca na bpoblachtánach agus Doug Beattie ag cur i leith an DUP go bhfuil siad ag iarraidh eagla a chur ar dhaoine mar gheall ar reifreann faoin teorainn – labhraímid faoi scéalta polaitiúla ó na sé chondae le Séamus Mac Cionnaith (Iriseoir ón Irish News).
    10 min
  • Tús Áite: 19/4/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Seán Ó hArgáin (Príomhoide Ghaelscoil Osraí agus Uachtarán Ghaeloideachas), Orlaith Ní Fhoghlú (Múinteoir i Scoil Mológa), Séamus Mac Cionnaith (Iriseoir ón Irish News), Colm Ó Néill (Dlíodóir in Oxford) agus Déaglán de Bréadún (Tráchtaire agus Colúnaí ón Irish News).
    48 min