Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: 13/4/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Sorcha Ní Mhonacháin (Iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4), Cathal Goan (Cathaoirleach Comhar), Alan Titley (Colúnaí leis an Irish Times & Ollamh Emeritus le Gaeilge, UCC), Ronan McCrea (Ollamh le Dlí Bunreachtúil agus Eorpach, UCL) agus mír na meán le Brenda Ní Shúilleabháin.
    50 min
  • Tús Áite: Iriseoireacht agus Foilsitheoireacht na Gaeilge
    Labhair Alan Titley (Colúnaí don Irish Times & Ollamh Emeritus le Gaeilge, Coláiste na hOllscoile Corcaigh) agus Cathal Goan (Cathaoirleach Comhar, Iar-Ard Stiúrthóir RTÉ & Iar-Cheannasaí TG4) ag Comhchoiste na Gaeilge inniu faoi fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn in irisí agus nuachtáin na tíre. Pléimid é seo leo.
    15 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Ciorrú sealadach ar cháin bhreisluacha agus tionchar scéim Chothrom na Féinne ar an margadh tithíochta – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).
    8 min
  • Tús Áite: Ionsaí ar an Úcráin – Láthair Coire
    Dúirt Uachtarán Mheiriceán Joe Biden gur cinedhíothú atá á dhéanamh ag Putin agus dúirt Príomh-ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta gur láthair coire í an Úcráin. Labhraímid faoi seo le Ronan McCrea (Ollamh le Dlí Bunreachtúil agus Eorpach, Coláiste na hOllscoile Londain).
    10 min
  • Tús Áite: 12/4/22
    Inniu: Colm Ó Néill (Dlíodóir, Oxford), Emmet Ryan (Iriseoir, Business Post), Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta), Ciarán Dunbar (Iriseoir, Belfast Telegraph), Dr Pádraig Ó Tiarnaigh (Bainisteoir Cumarsáide, Conradh na Gaeilge), Cuan Ó Seireadáin (Bainisteoir Chomhlacht Forbartha Inis Meáin) & Niamh Ní Bhroin (Taighdeoir, Ollscoil Oslo).
    48 min
  • Tús Áite: Fíneáil ar Boris
    Gearrfar fíneáil ar Phríomh Aire na Breataine Boris Johnson agus Aire Airgeadais na Breataine Rishi Sunak mar gheall ar rialacha dianghlasála Covid-19 a bhriseadh. Pléimid é seo le Colm Ó Néill (Dlíodóir lonnaithe in Oxford).
    6 min
  • Tús Áite: Frustrachas ar Chonradh na Gaeilge le rialtas na Breataine
    Cuireadh deireadh tobann le cruinniú Chonradh na Gaeilge le hAire Stáit na Breataine do na 6 chondae inniu mar nach raibh dáta aige le reachtaíocht d’Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm. Labhraímid faoi seo le Dr Pádraig Ó Tiarnaigh (Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge agus Gníomhaí teanga leis an Dream Dearg).
    9 min