Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Ráiteas ón Tánaiste faoi arduithe pá, conspóid faoi scéim pinsin d’oibrithe san earnáil phríobháideach agus bille le Dlúthpháirtíocht/Pobal Roimh Bhrabús faoi neodracht na tíre – scéalta móra an lae le Harry McGee (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times).
    8 min
  • Tús Áite: Gaeilge sna Gardaí agus sa chóras sláinte
    Deireadh le riachtanas Gaeilge d’ardú céime sna Gardaí agus ráiteas ó Paul Reid faoi dhualgaisí Gaeilge sa chóras sláinte – pléimid an méid seo le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG) agus Peadar Mac Fhlannchadha (Bainisteoir Abhcóideachta agus Leas-Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge).
    26 min
  • Tús Áite: Mír na Meán
    Insíonn Antoin Beag Ó Colla dúinn faoin bpost atá faighte aige le Hollyoaks agus tugann sé a léirmheas dúinn ar sheirbhísí Raidió na Gaeltachta agus an stáisiún ag céiliúradh 50 bliain ar an bhfód agus ar ábhair Ghaeilge ón Journal.
    7 min
  • Tús Áite: 29/3/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Moira Leydon (Ard Rúnaí Cúnta an ASTI), Colm Ó Néill (Dlíodóir in Oxford), Lisa Nic an Bhreithimh (Ceannasaí Cumarsáide agus Oideachais, Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn), Eoghan Corry (Iriseoir taistil, Údar agus Craoltóir) agus Aoife Ní Shúilleabháin (Eagraí le SIPTU).
    49 min
  • Tús Áite: Athrú ar an Ardteist
    Beidh mic léinn Ardteiste atá ag tosú ar an tsraith shinsearach in mí Mheán Fómhair 2023 ag suí páipéar a haon sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag deireadh na cúigiú bliana. Labhraímid faoi seo le Moira Leydon (Ard Rúnaí Cúnta an ASTI).
    10 min
  • Tús Áite: Costas maireachtála ag ardú ach pá ag fanacht íseal
    Dúirt an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn ag comhdháil de chuid an Cheardchumainn Sheirbhísí, Thionsclaíoch, Ghairmiúil agus Theicniúil (SIPTU) go bhfuil an costas maireachtála ag ardú ach go bhfuil pá na n-oibrithe ag fanacht mar atá nó go praicticiúil, ag laghdú. Pléimid é seo le hAoife Ní Shúilleabháin (Eagraí le SIPTU).
    7 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Ionsaí ar an Úcráin, cóisirí Boris agus scoileanna do chailíní fós dúnta san Afganastáin – pléimid na príomhscéalta idirnáisiúnta le Colm Ó Néill (Dlíodóir in Oxford) agus Lisa Nic an Bhreithimh (Ceannasaí Cumarsáide agus Oideachais, Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn).
    20 min
  • Tús Áite: Moill in Aerfort Bhaile Átha Cliath
    Deir Comhlachas Gníomhairí Taistil na hÉireann go n-éireoidh an moill in Aerfort Bhaile Átha Cliath atá á gcur ar dhaoine atá ag dul ar saoire níos measa. Labhraímid faoi seo le hEoghan Corry (Iriseoir taistil, Údar agus Craoltóir).
    7 min