Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Conspóid ag Gradaim Oscars
    Bhí conspóid ag Gradaim an Acadaimh aréir nuair a bhuail an t-aisteoir Will Smith an fuirseoir Chris Rock tar éis dó jóc a insint faoina bhean chéile Jada Pinkett-Smith. Labhraímid le Hugh Carr (Fuirseoir agus Comhfhreagraí polaitíochta le Joe.ie) agus leis an bpainéal faoi seo.
    16 min
  • Tús Áite: 28/3/22
    Ar an gclár inniu: Katie Halpin-Hill (Cathaoirleach na Cuallachta i gColáiste na hOllscoile Corcaigh), Frank Allen (Cathaoirleach Iarnród Éireann agus Comhairleoir iompair), Cecilia Ní Choileáin (Abhcóide), Mac Dara Mac Donncha (Tráchtaire spóirt) agus Hugh Carr (Fuirseoir agus Comhfhreagraí polaitíochta le Joe.ie).
    48 min
  • Tús Áite: Scéalta Spóirt
    Labhraímid le Conall Mac Dhonnagáin faoi fhoirne i mbaol dícháilithe i bpeil na bhfear, cluichí leathchraoibhe san iomáint agus 6 Náisiún na mBan ag tosú sa rugbaí.
    5 min
  • Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta
    Labhraímid le Sinéad Ní Uallacháin faoi cheolchoirm i Halla na Cathrach i gCorcaigh le tacú le muintir na hÚcráine, malartú éadaí sa Chultúrlann, Siúlóid na Madraí i gCorca Dhuibhne agus Pop Up Gaeltacht sa Cholóim.
    4 min
  • Tús Áite: Déantúsaíocht camán i mbaol?
    D’fhógair Canning Hurleys go bhfuil deireadh á chur acu leis an ngnó mar gheall ar fhadhbanna leanúnacha a bhain le soláthair adhmad na fuinseoige. Labhraímid faoi seo le Seosamh Breathnach (Táirgeoir camán) agus Alan Milton (Stiúrthóir Cumarsáide Chumann Lúthchleas Gael).
    10 min
  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Ionsaí na Rúise ar an Úcráin, córas sláinte faoi bhrú mar gheall ar thonn Covid-19, Ivana Bacik ina Ceannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre agus imní faoi mhúineadh agus fhoghlaim na Gaeilge – pléimid príomhscéalta na seachtaine le Réaltán Ní Leannáin (Scríbhneoir) agus Eoin Ó Broin (Comhairleoir Contae leis na Daonlathaigh Shóisialta).
    13 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Tony Holohan ag éirí as mar Phríomh-Oifigeach Sláinte, amhras caite ag an Uachtarán Zelenskyy ar thacaíocht na hÉireann don Ucráin agus tascfhórsa bunaithe le spleáchas ó fhuinneamh na Rúine a bhaint amach – scéalta móra an lae le Gráinne Ní Aodha (Iriseoir ón Journal).
    10 min