Cad is brí le 'thug mo chosa uathu'? An bhfuil an ginideach ag dul i léig? An mbíonn 'ainm' baininscneach ar uairibh? San eagrán seo labhraíonn Ciara le Seosamh Ó Murchú - file gradamúil, duine de bhunaitheoirí Raidió na Life, agus fear a chaith blianta fada ar an bhfoireann eagarthóireachta sa Ghúm, áit a raibh sé mar Eagarthóir Sinsearach. Bhí sé ar fhoireann eagarthóireachta an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge leis agus tá sé páirteach sa tionscadal nua foclóireachta ag Foras na Gaeilge faoi stiúir Phádraig Uí Mhianáin.