Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.... more
FAQs about Adhmhaidin:How many episodes does Adhmhaidin have?The podcast currently has 18,261 episodes available.
October 29, 2021John Connolly, Comhairleoir Cathrach, Gaillimh.Tá sé ráite ag an gComhairleoir John Connolly agus ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív nach bhfuil siad sásta leis an bhfreagra a tháinig ón Údarás Náisiúnta Iompair faoi mhaoiniú breise a chur ar fáil le haghaidh lána rothaíochta le taobh an phrom i mBóthar na Trá....more6minPlay
October 29, 2021Norita Ní Chartúir, léachtóir le cumarsáid, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.Beidh an tseirbhís teilifíse TG4 ag ceiliúradh ceathrú céid ar an bhfód oíche Shamhna....more6minPlay
October 29, 2021Éilish Ní Dhochartaigh, príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall.Cuirfear deireadh le seirbhísí aeir LoganAir idir Aefort Dhún na nGall agus Glasgow inniu, ach tá Príomhfheidhmeannach an aerfoirt ag súil go mbeidh sé ar chumas cibé aerlíne a bheas i mbun seirbhís PSO go Baile Átha Cliath ó Feabhra ar aghaidh, tabhairt faoi sheirbhís Ghlasgow fasta....more5minPlay
October 29, 2021John Harrington, léachtóir le dlí, Ollscoil Chaerdydd.Níl aon fhuascailt ar an aighneas atá ag treisiú idir an Fhrainc agus an Bhreatain faoi chearta iascaireachta, go háirthid ó tógadh tráiléára as an mBreatain a bhí ag iascach in uiscí na Fraince agus gan aon cheadúnas acu....more6minPlay
October 29, 2021Eoin Ó Catháin, tuairisceoir polaitíochta.Imní ar scoileanna faoin mbealach a bhfuil méadú ar an líon gasúir atá ag tolgadh an víris Covid19, agus ceardchumainn ag achainí ar an Rialtas córas ceart tástála agus rianaithe a chur I bhfeidhm....more4minPlay
October 29, 2021Dr. Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, Feidhmeannacht na Seirbhise Sláinte.Beidh daoine a raibh teagmháil acu le duine a tholg an víreas COVID19 ach nach bhfuil aon chomharthaí acu fhéin ag fáil tástálacha Antigen san bposta anois, le go mbeidh siad in ann iad fhéin a thástáil....more8minPlay
FAQs about Adhmhaidin:How many episodes does Adhmhaidin have?The podcast currently has 18,261 episodes available.