Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.... more
FAQs about Adhmhaidin:How many episodes does Adhmhaidin have?The podcast currently has 18,294 episodes available.
July 01, 2021Aindrias Ó Muimhneacháin, T.D. Múscraí.Tá an togra bonneagair is mó riamh in aon cheantar Gaeltachta, Seachbhóthar Bhaile Mhuire is Mhá Chromtha, ag eirí aníos ón dtalamh i Múscraí de réir a chéile....more5minPlay
June 30, 2021Kevin O’ Hara, Sinn Féin, Conamara.Tá sé thar am ag an Roinn Tithíochta an t-athbhreithniú atá ar bun acu le 4 bliana anuas ar mhuilte gaoithe a bheith críochnaithe acu, mar go bhfuil an-imní air faoi na moltaí atá i ndréacht phlean forbartha an Chontae i dtaobh na gceantar atá aitheanta do mhuilte gaoithe & iad an-ghar do thithe cónaithe i gCeantar Chois fharraige mar shampla....more6minPlay
June 30, 2021Mícheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.Ag ócáid a d’eagraigh an London Irish Business Society & Údarás na Gaeltachta inné, labhair an tánaiste Leor Varadkar ar chomh tábhachtach agus atá an fhorbairt atá á dhéanamh ar ionaid GTeiceanna sna Gaeltachtaí....more4minPlay
June 30, 2021Máirín Uí Fhearraigh, Comharchumann na nOileán Bheaga.Tá an polasaí faoi bhóithre nach bóithre náisiúnta iad ar na hOileáin a scrúdú faoi láthair ag Comhairle Condae Dhún na nGall agus súil é a chur i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana, a thug innealltóir na Comhairle Condae le fios. *...more5minPlay
June 30, 2021Críostóir Ó Faoláin, An Comhaontas Glas, Iarthar Phort Láirge.Tá Iarthair Phort Láirge buailte ag ráig den víreas corónach le coicís, agus b’éigean Ionad tástála sealadach 'oscailt in Ospidéal Pobail Dhún Garbhán, agus éilimh mhór ar an áit le seachtain....more6minPlay
June 30, 2021Mícheál Ó Conchúir, Coiste na Réigiún, An Bhruiséil.Tá Aontas na hEorpa le fógra oifigúil a dhéanamh tráthnóna inniu go mbeidh siad ag tabhairt a mbeannacht ar feadh trí mhí eile don chead le táirgí feola fuara ar nós ispíní agus feoil mhionta a thabhairt isteach go Tuaiscert Éireann....more7minPlay
June 30, 2021Eoin Ó Catháin, tuairisceoir polaitiochta.An bhfuil praiseach déanta ag an Rialtas den fhógra is déanaí seo faoi shrianta COVID19 agus é ráite anois go mbeidh cead ag daoine a bhfuil vacsaín nó atá tagtha chucu fhéin taréis C19 a tholgadh, dul isteach i mbialanna. An mbeidh orthu dul siar ar an gcinneadh?...more7minPlay
FAQs about Adhmhaidin:How many episodes does Adhmhaidin have?The podcast currently has 18,294 episodes available.