Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.... more
FAQs about Adhmhaidin:How many episodes does Adhmhaidin have?The podcast currently has 18,014 episodes available.
April 17, 2023Neasa Ní Chnáimhsí, úinéara tí le Mica.Dúirt Neasa Ní Chnáimhsí, Múinteoir as Bun Cránacha a bhfuil Mica ina Teach, go raibh Múinteoirí in Inis Eoghain sásta gur pléadh ceist Mica ag Comhdháil bhliantúil Aontas Múinteoirí Éireann le déanaí. Labhair sí le Frances Nic Géadaigh....more5minPlay
April 14, 2023Séamas Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Contae.Tá biaiste na turasóireachta tosnaithe i gCorca Dhuibhne, agus scata cuairteoirí ag triall ar áiteanna ar nós Tráigh Fionn Trá agus Mórchuaird Chinn Sléibhe. Deir an Comhairleoir Séamas Chosaí Mac Gearailt gur cheart leithris buana a chur ina sheasamh ag an dtráigh, in ionad leithris réamhdhéanta, fé mar atá á gcur ag tránna an chontae ar fad....more6minPlay
April 14, 2023Andy Caomhánach, Feidhmeannach Ríomhaireachta, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.Dhiúltaigh na comhlachtaí meáin shóisialta ar leo Facebook agus TikTok le cuireadh teacht os comhair coiste an Oireachtais an tseachtain seo chugainn chun a bpleananna don todhchaí a phlé....more4minPlay
April 14, 2023Dominic Ó Móráin. Cathaoirleach Eatramhach Chósta Gaelach Chonamara agus na hOileáin.Is ábhar dóchais é an méid turasóirí a tháinig go Conamara i mbliana le haghaidh saoire na Cásca a dúirt Cathaoirleach eatramhach Chósta Gaelach Chonamara agus na hOileáin Dominic Ó Móráin....more6minPlay
April 14, 2023Dr. Anthony O’Connor, Cumann Leighis na hÉireann.Tá cruinniú bliantúil Cumann Leigheas na hÉireann, an IMO, á reáchtáil i gCill Airne faoi láthair. Dúirt uachtarán nua an IMO an Dr. John Cannon nach mbeadh ach fadhbanna leanúnacha agus básanna i ndán don chóras sláinte de bharr easpa foirne agus róphlódú sna hospidéil....more6minPlay
April 14, 2023Seosamh Ó Braonáin, Coiste Timpeallachta Ghaoth Bearra.Níl sé ceart nó cóir go bhfuil an oiread béime a chur ar fhorbairt fheirmeacha gaoithe i gceantar Ghaoth Bearra, a deir Seosamh Ó Braonáin ó Choiste Timpeallachta Ghaoth Bearra....more5minPlay
FAQs about Adhmhaidin:How many episodes does Adhmhaidin have?The podcast currently has 18,014 episodes available.