Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.... more
FAQs about Adhmhaidin:How many episodes does Adhmhaidin have?The podcast currently has 18,029 episodes available.
March 06, 2023Críostóir Ó Faoláin, Bainisteoir, Coláiste na Rinne.Tá pleananna móra forbartha ag Coláiste na Rinne atá dírithe go háirithe ar fhoghlaimeoirí Gaolainne fásta, agus ana-éileamh ar a leithéid de chúrsaí sa Choláiste le blianta anuas. Labhair Criostóir Ó Faoláin le Dáithí de Mórdha....more6minPlay
March 06, 2023Jack O’Donovan, Oifigeach Cumarsáide, Fair Seas.Síníodh comhaontú i Nua Eabhrac oíche Shathairn chun farraigí an domhain a chosaint. Tá fáilte curtha ina leith ag Uachtarán na hÉireann agus an Tánaiste, ach céard a cheapann eagraíochtaí timpeallachta faoin gcinneadh seo?...more9minPlay
March 06, 2023Shane Curley, Comhairleoir Contae.Tá imeachtaí ó thaobh sheachtain na Gaeilge faoi lán seoil sa tír. Mar chuid den tseachtain tá sé socraithe ag ceantar Bardasach Bhaile Locha Riach go mbeidh a gcruinniú a reáchtáil i seomra cruinnithe na Comhairle acu ionas go mbeidh deis seirbhís aistriúcháin a bheith in úsáid le linn an chruinnithe. Labhair Shane Curley le Cóilín Ó Neachtain....more6minPlay
March 06, 2023Theo Dorgan, File agus Údar.Léiríodh an scannán ‘An Buachaill Gealgháireach’ ag féile scannáin faisnéise idirnáisiúnta Thessaloniki sa nGréig Dé Sathairn. Tá sé fógraithe ar maidin go bhfuil ainmniúchán faighte ag 'An Buachaill Ghealgháireach' don Sainchlár Fíorasach is fearr sna Gradaim Theilifíse RTS....more5minPlay
March 06, 2023Seán Ó Daimhín, Comhairle Contae Dhún na nGall.Seolfar Seachtain Fiontair Áitiúil Dhún na nGall in Óstán Radisson i Leitir Ceanainn inniu. “Bí Spreagtha" téama na seachtaine, agus tá 23 imeacht ar fad eagraithe ar fud na Condae ón lá inniu go dtí'n Aoine.Labhair Seán Ó Daimhín le Frances Nic Géadaigh....more6minPlay
March 06, 2023Niall Ó Donnghaile, Seanadóir.Tiocfaidh baill den Tionól Parlaiminteach na Breataine agus na hÉireann le chéile i Stormont ar maidin chun comóradh a dhéanamh ar an gceathrú chéid ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta....more8minPlay
FAQs about Adhmhaidin:How many episodes does Adhmhaidin have?The podcast currently has 18,029 episodes available.