Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.... more
FAQs about Adhmhaidin:How many episodes does Adhmhaidin have?The podcast currently has 18,065 episodes available.
January 20, 2023Eoin Ó Cátháin - Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.Tá ceisteanna fós le freagairt ag an Aire Paschal Donohue agus níl dáta socraithe fós faoi thoghchán Stormont. Tar éis an chruinniú ag Farmleigh inné, labhair Eoin leis an Tánaiste Micheál Martin....more7minPlay
January 20, 2023Leah Whelan, Comhairleoir Condae, BÁC Theas.Bhí bigil ar bun i gcuimhne ar Mhaud Coffey agus i gcuimhne ar mhná eile a maraíodh de bharr an fhoréigin an tseachtain seo i mBaile an Ásaigh i mBleá Cliath. Tugadh chun cuimhne na mná Éireannacha ar fad a maraíodh sa tír seo agus i Londain le mí anuas....more6minPlay
January 20, 2023Róise Ní Laifeartaigh, Grúpa Gnímh Mica Dhún na nGall.Caithfear cothrom na féinne a thabhairt d'úinéirí tithe le brící lochtacha i nDún na nGall agus scéim a chur i bhfeidhm cosúil leis an scéim a fógraíodh an tseachtain seo d'úinéirí árasáin i mBaile Átha Cliath, a deir Róise....more7minPlay
January 20, 2023Liam Ó Maoldhia, Uachtarán Ghalf Chumann Oileáin Chonamara.Tá an cúrsa gailf ag Galf Chumann Oileáin Chonamara in Eanach Mheáin molta sa leabhar “Ireland’s Best 9-hole Golf Courses” le Ivan Morris. Deir Uachtarán an Chumainn Liam Ó Maolaodha go bhfuil athraithe móra i ndán don chúrsa i mbliana sa mbliain atá romhainn....more6minPlay
January 20, 2023Fionnán Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.Tá tuairimí sa treis i measc polaiteoirí áitiúla i gCiarraí, go mbíonn an bhéim ar fad ó thaobh cúrsaí turasóireachta de ar Cill Áirne, Uíbh Ráthach agus Corca Dhuibhne, agus go bhfágtar áiteanna eile ar nós Íochtar Chiarraí, Oileán Ciarraí agus Sliabh Luachra amuigh ar an mbán ó thaobh turasóirí de....more6minPlay
January 20, 2023Dr. Rónán Kennedy - Scoil an Dlí, Ollscoil na Gaillimhe.D’fhógair Coimisiún Cosanta Sonraí na hÉireann inné go raibh siad le fíneáil €5.5milliún a ghearradh ar an gcomhlacht ar leo an aip fón póca WhatsApp faoi Rialacháin Ginearálta Cosaint Sonraí na Tíre seo (GDPR) a shárú....more5minPlay
FAQs about Adhmhaidin:How many episodes does Adhmhaidin have?The podcast currently has 18,065 episodes available.