Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.... more
FAQs about Adhmhaidin:How many episodes does Adhmhaidin have?The podcast currently has 18,065 episodes available.
December 23, 2022Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Contae.Fógraíodh inné go bhfuil beagnach 500 míle euro sa bhreis le caitheamh tríd an gciste athghiniúna agus forbartha tuaithe ar fhuascailt a thabhairt do thrácht fana bhealaigh an Atlantaigh Fhiain i gcontae an Chláir agus Ciarraí. Labhair Séamus Cosaí Mac Gearailt le Dara Ó Cinnéide....more6minPlay
December 23, 2022Éamon Ó Cuív, T.D. le Fianna Fáil.D’fhógair an tAire Eamonn Ryan ar maidin go bhfuil toilithe limistéir mhuirí bronnta ar sheacht dtogra fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta. I measc na háiteacha a bheas san áireamh faoin mbabhta seo, tá carraigreacha na Sceirdí, naoi míle siar ó chósta Charna....more5minPlay
December 23, 2022Súil siar ar scéalta móra na bliana.Le Póilín Ní Chiaráin, iriseoir agus colúnaí le tuairisc.ie, John Downing ón Irish Independent agus Seán Ó Cadhain, tráchtaire i Sasana....more15minPlay
December 23, 2022Cathal Groonell, Rúnaí Choiste tacaíochta Chalafoirt Ros a’ Mhíl.Níos túisce i mbliana d’fhógair an tAire Talmhaíochta Bia agus Mara Charlie Mc Conalogue go raibh 25 milliún euro ceadaithe le céibh domhain mhara a fhorbairt i Ros a Mhíl. Tá an conradh bronnta ar chomhlacht tógála a dúirt Cathal Groonell le Cóilín Ó Neachtain....more6minPlay
December 23, 2022Harry McGee, Comhfhreagraí Polaitíochta, Irish Times.Beidh an Taoiseach agus an tAire Sláinte ag plé cúrsaí sláinte ag cruinniú inniu le feidhmeannaigh ón HSE. Tá an HSE cáinte ag an INMO toisc gur fhan siad go dtí go raibh muid i lár géarchéim sláinte an Gheimhridh chun foireann bainistithe géarchéime náisiúnta a bhunadh chun dul i ngleic leis an bhfadhb....more4minPlay
December 23, 2022Anne Mc Hugh, Príomh Fheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.Tá brú mór ar scoltacha i nDún na nGall mar gheall ar an ardú atá tagtha ar líon na dteifeach atá ag freastal ar scoltacha. Dúirt Anne Mc Hugh le Frances Nic Géadaigh go bhfuil eolas tugtha acu don Roinn Oideachais go bhfuil deacrachtaí móra spáis i gcuid dena scoltacha agus nach bhfuil siad in ann glacadh le haon dalta eile ón Úcráin....more5minPlay
FAQs about Adhmhaidin:How many episodes does Adhmhaidin have?The podcast currently has 18,065 episodes available.