Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.... more
FAQs about Adhmhaidin:How many episodes does Adhmhaidin have?The podcast currently has 18,087 episodes available.
November 10, 2022Micheál Ó Céilleachair, scarshealbhóir, Comharchumann Chiarraí.Beidh cáipéis le cur fé bhráid Bhord Chomharchumann Chiarraí amáireach atá sínithe ag tuairim is 1600 scarshealbhóir ag iarraidh ar an mBord cruinniú speisialta a ghairm maidir le fuascailt scaranna sa Chomharchumann. Labhair an feirmeoir Micheál Ó Céilleachair le Dara Ó Cinnéide....more6minPlay
November 10, 2022Frank Reidy, Saineolaí Míleata.Fógraíodh aréir gur tugadh ordú do fhorsaí na Rúise cúlú siar ó chathair Kherson i ndeisceart na hÚcráine. Níl sé ach cúig seachtaine ó d’fhógair Vladimir Putin ionghabháil buan ar an gcathair....more7minPlay
November 09, 2022John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.Caithfear dlús mór a chur ar bhonn práinne le clár tógála do thithíocht shóisialta i gceantar bardais na nGleanntach, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh le Aodh Máirtín Ó Fearraigh....more5minPlay
November 09, 2022Caoimhe de Barra, Príomhfheidhmeannach Trócaire.Léirigh an Charthanacht Trócaire míshástacht faoin €10m a d’fhógair an Taoiseach Micheál Martin inné ag Comhdháil Aeráide COP 27....more6minPlay
November 09, 2022Máire Uí Mhaoláin , Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chomhar na nOileán.Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhar na nOileán, go gcaithfear aitheantas ar leith a thabhairt d’oileáin na hÉireann mar áit atá go mór faoi mhíbhuntáiste ó thaobh maoinithe agus riartha faoin gClár Leader. Labhair Máire Uí Mhaoláin le Cóilín Ó Neachtain....more6minPlay
November 09, 2022Peadar Tóibín, T.D. Ceannasaí Aontú.Tá suas le €170m dhá chaitheamh ar leapacha ospidéil d’othair atá scaoilte amach go cliniciúil as an Ospidéal de réir taighde atá déanta ag an bpáirtí Aontú....more6minPlay
November 09, 2022Séamas Mac Gearailt, Cumann sacair Fánaithe Bhá an Daingin.Beagán le cois bliana ó d’fhógair an cumann sacair Fánaithe Bhá an Daingin go rabhadar chun páirc uile-aimsire a fhorbairt ar a dtailte i nGallaras, osclaíodh an áis nua Dé Sathairn seo caite. Labhair Séamas Mac Gearailt le Conn Ó Muíneacháin...more5minPlay
FAQs about Adhmhaidin:How many episodes does Adhmhaidin have?The podcast currently has 18,087 episodes available.