Chuir tréimhse na dianghlasála ina luí ar Shiobhán - breathnú ina diaidh féin agus chuir sí athrú mór ar a saol dhá réir. Pléifidh sí a ceantar dúchais, saol an duine óig san áit agus go leor eile san eagrán seo.
An Dromainn, Ciarraí. Feilméara óg é Séaghan a bhfuil lucht leanúna aige ar fud an domhain ar na meáin shóisialta. Tugann sé a léargas suimiúil féin ar an saol agus insíonn sé faoina pleananna atá aige don todhchaí.
Is ceoltóir, amhránaí agus pupadóir í Gráinne as Ros a Mhíl i gCondae na Gaillimhe. Bhain sí cáil amach sa tsraith drámaíochta do dhéagóirí 'Aifric' agus chloí sí a bheag nó mhór leis an aisteoireacht ó shoin. Bheadh aithne ar Ghráinne chomh maith mar láithreoir ar chláracha teilifíse do dhaoine óga.
Is Comhairleoir Condae as Maigh Nuad i gCill Dara é Naoise, atá mar Mhéara ar an gCondae faoi láthair. Déanann sé cur síos ar a thuras isteach sa bpolaitíocht, cén rud is mó atá agus a bheas ag goilliúint ar aos óg na linne seo. An molfadh sé do dhaoine óga a bheith gníomhach sa bpolaitíocht?
Is í an t-údar agus an craoltóir Meghann Scully as Árd Raithin i gCo. na Gaillimhe atá i gcuideachta Shéamuis ar an eagrán seo. Tugann sí comhairle mhaith do dhuine ar bith atá ag coimhlint lena gcuid meabharshláinte, go háirithe tar éis bás beirt daoine muinteartha, mar a tharla dí féin.
29 min
About An Chéad Ghlúin Eile
From the publisher's feed
Agallaimh le Gaeilgeoirí óga na tíre agus iad ag cur cursaí an tsaoil trína chéile. Cloisfear glórtha na Gaeltachta agus na Galltachta - ó earnáil na Gaeilge, na craoltóireachta agus na n-ealaíon,…
chomh maith le glórtha aitheanta sa spórt agus sa bhfeiliméireacht.