Sinéad Ní Ráinne - Tá leabhar agus dlúthdhiosca curtha le chéile ag Sinéad do na hamhráin a bhfuil baint acu leis an Trá Bháin. Beidh an leabhar á sheoladh i scoil Rónáin, sa Trá Bháin, oíche Dé Sathairn ag a seacht a chlog.
Bhí Seán ag múineadh Gaeilge do scoláirí ó thíortha thar lear i nOllscoil na hÉireann, Gaillimh. Bíonn na beannachtaí atá sa nGaeilge dhá mhúineadh aige ar nós Dia dhuit agus beannachtaí eile agus go mbíonn na scoláirí sásta iad a úsáid.
Beidh tús á chur le imeachtaí na Nollag i dTearmann Éanna Dé Domhnaigh an 8ú Nollag ag ócáid a lasfar an Chrann Nollag i Seanscoil Shailearna. Beidh tús á chur leis an bpáidirín ar an Domhnach agus beidh sé á rá chuile Dé Domhnaigh as sin go Nollag.
Tá Niamh ag freastal ar an gcúrsa " Cleachtas Gairmiúil sna Meáin" in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá sí ar thaithí oibre i TG4. Rinne sí cur síos ar Mháirtín ar an obair atá ar bun aici.
John Bhaba Jeaic Ó Conghaile -Ceantar na nOileán: Evan Ó Gríofa, Breandán Ó hEaghra agus Gráinne Nic an Bháird - Tá sparántacht le bronnadh ar Evan Ó Gríofa, Dé hAoine seo chugainn i gcuimhne ar PJ Mac Donnacha as Muiceannach.
Bhí Liam ag labhairt ar Oireachtas na Gaeilge 2020 a bhéas ar siúl i nGaillimh.
31 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.