Deá-scéalta na seachtaine ar an Aoine le bean a chuireann deá spin i gcónaí orainn, ag toiseacht le scéal faoi fhear a bhí ag smuigleáil, ach cad é a bhí a smuigleáil aige???? Éistigí le Ciara anseo.
Comhrá le beirt ball don ghrúpa ceoil agus na píosaí, Ar a Dhul Go Baile Átha Cliath Dom, Dúlamán, Sadly The Blackbird Calls agus Gaol Ise Gaol a bhuaileadh acu dúinn ar an chlár.
Croí na Ceiste - Clár úr ar an BBC : Dé Luain Lá Fhéil Bríde 10 a chlog ar BBC 2, ag plé cóireáil chosmaideach, snáthaid, insteallaithe, athruithe ar do chuma agus do chraiceann le daoine óga agus dochtúirí srl.
10 min
About Bladhaire
From the publisher's feed
Clár siamsaíochta achan Déardaoin agus Aoine beo ó stiúideo Dhoirí Beaga. Beidh plé ar chúrsaí siamsaíochta, seisiúin cheoil beo sa stiúideo, trácht ar imeachtaí ar fud na tíre, agallaimh le haíonna…
ar fud an domhain, agus corr-phíosa spóirt freisin.