Mír rialta faoi chursaí ceoil, eolas ag Emma duinn an tseachtain seo faoi cheol úr le leitheadaí Oisín Mac an Geabaire, Megan Nic Ruairí, Aubrey Hennessy agus Lisa Hannigan.
Tá Eimear ar áis linn ar Bladhaire le tuilleadh moltaí maidir le leabhair le léamh, agus níos mó daoine ag baint úsáid as an léitheoireacht mar chaitheamh aimsire faoi láthair.
Tá Coláiste Chorca Dhuibhne ag iarraidh dhul i ngleic leis an méid atá ag tarlú agus fógra déanta an tseachtain seo nach mbeidh na coláistí samhraidh oscailte i mbliana, tá cúrsa ar líne a chur ar fáil acu. An Ghaeltacht sa bhaile.
Tá ceoltóirí iontach cruthaitheach faoi láthair agus iad sasta modhanna úire a thriall, nuair nach bhfuil fáil acu ar cheolchoirmeacha agus gigeanna mar a bhíodh.
Dé hAoine 1 Bealtaine, beidh an clár ceoil ailtéirneach An Taobh Tuathail ag ceiliúradh 21 bliain ar an aer. Beidh eagrán speisialta den chlár ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chun an ócáid mhór seo a cheiliúradh.?
11 min
About Bladhaire
From the publisher's feed
Clár siamsaíochta achan Déardaoin agus Aoine beo ó stiúideo Dhoirí Beaga. Beidh plé ar chúrsaí siamsaíochta, seisiúin cheoil beo sa stiúideo, trácht ar imeachtaí ar fud na tíre, agallaimh le haíonna…
ar fud an domhain, agus corr-phíosa spóirt freisin.