Bláth na dTulach

Bláth na dTulach

Download on the App Store

Bláth na dTulach episodes

  • Nanette le Daithí Ó Muirí
    Fáthscéal mistéireach é seo a thugann ábhar machnaimh don léitheoir. Sa scéal seo, tugann Ó Muirí guth de chuid d'imní na haoise tríd a charachtair dhiamhaire dothomhaiste; ag cruthú atmaisféir theann tharraingteach lena chuid próis. Léite anseo ag an chraoltóir Dáithí Ó Muirí.
    43 min
  • Banríon an Dóchais le Seán Ó Muireagáin
    Cothaíonn beirt fhear cairdeas úr eatarthu féin agus iad ag dul siar in aois, cé gur ó chúlraí éagsúla iad. Déanann siad pleananna móra le chéile ach caidé mar a éiríodh leis na pleananna sin... Scéal éadrom le Seán Ó Muireagáin, á léamh anseo ag Dónall Mac Giolla Chóill, le comhrá bríomhar ina dhiaidh le Réaltán Ní Leannáin.

    https://blath-na-dtulach.com/banrion-an-dochais/
    49 min
  • Ar Deoraíocht
    Scéal croíúil Nollag é seo a thagann chugainn tríd shúile chailín óig a bhfuil a saol athruithe go hiomlán ag eachtraí nach bhfuil aon smacht aici féin orthu. Lán de spiorad na Nollag, tógfaidh an scéal beag seo do chroí. Scéal le Síle Uí Ghallchóir, léite anseo ag Caoimhe Nic Lochlainn.
    17 min
  • Éan le Dubhán Ó Longáin
    Scéal scéiniúil é seo le Dubhán Ó Longáin a phléann le roinnt ábhair agus ceisteanna deacra an lae inniu. Scéal é a bhaineann le hoibseisiúin mhífholláine, leis an mheabhairghalar agus leis an dóigh a dtig le scéal a dhul in olcas go gasta mar gheall ar mhíthuiscintí agus paranóia. Arna léamh anseo ag Caoimhe Ní Chathail le comhrá le Réaltán Ní Leannáin ina dhiaidh.
    35 min
  • An Bhearna le hEoghan Mac Giolla Bhríde
    Déanann athair iarrachtaí naisc a chruthú lena mhac agus é a ghríosú chun oibre. Ach sna hiarrachtaí sin nochtar bearnaí idir na glúnta, áit a gcailleann focail a mbríonna le ham agus áit nach dtuigeann an t-óg an aosta. Scéal coscrach, le cur síos íostach réalaíoch. Léite anseo ag Fionntán de Brún.
    35 min
  • Imram le Róise Ní Bhaoill
    Tugann teagmháil theagmhasach le strainséir nach raibh sí ag dréim leis i mbusáras i dtír choimhthíoch ar an scéalaí í féin a cheistiú go domhain nuair a chluineann sí scéal ó bhéal duine nach bhfuil leath chomh hádhúil léi féin. Scéal láidir a théann i bhfeidhm ar an léitheoir mar an gcéanna leis an scéalaí, á léamh anseo ag Caoimhe Ní Chonchoille.
    41 min
  • Oileánach le Sam Ó Fearraigh
    Scéal corraitheach é seo a ardaíonn ceisteanna agus a ghearrann go domhain isteach i ngnóthaí na sochaí comhaimseartha i gcomhthéacs phobail bhig oileánach.

    Tá an scéal á léamh anseo go tuisceanach ag Milène Fegan
    35 min
  • Ní Tharlóidh Sé Arís le Seán Mac Gintidh
    Ní gnáthchás a bhíonn roimh na gardaí óga seo nuair a ghlaoitear amach orthu go teach Uí Chearbhaill mall san oíche. Ní cheiltear aon fhírinne sa scéal seo ach léirítear ann chomh caolchúiseach agus a bhíonn sé go minic.

    Scéal léirsteanach arna léamh anseo ag an léachtóir ildánach Seán Mac Corraidh.
    32 min
  • Mo Dheirfiúr Maja le Celia de Fréine
    Tiontaítear saol an scéalaí bunoscionn ag cogaí agus ag bás i gcathair atá tarraingthe as a chéile ag reibiliúnacha sa scéal diostóipeach seo. Ach is é an ceangal deireanach lena teaghlach a thugann dóchas di agus an fáth go leanann sí uirthi ag cuartú fríd an smionagar. Scéal cumhachtach le Celia de Fréine, léite go paiseanta ag Áine Ní Dhíoraí.
    39 min

About Bláth na dTulach

From the publisher's feed

Léann aíonna speisialta gearrscéalta ón díolaim gearrscéalta Gaeilge Bláth na dTulach sa phodchraoladh liteartha seo atá curtha i láthair ag Réaltán Ní Leannáin. Gach mí léitear scéal úr ón díolaim…

More shows like Bláth na dTulach

Gaeilge Bhriste by Gaeilge Bhriste

Gaeilge Bhriste

12 Listeners