Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Léann aíonna speisialta gearrscéalta ón díolaim gearrscéalta Gaeilge Bláth na dTulach sa phodchraoladh liteartha seo atá curtha i láthair ag Réaltán Ní Leannáin. Gach mí léitear scéal úr ón díolaim ag... more
FAQs about Bláth na dTulach:How many episodes does Bláth na dTulach have?The podcast currently has 28 episodes available.
May 30, 2022Ar Rud Atá i nDán Duit le Máire BurnsScéal thar a bheith tráthúil agus réadúil é seo le Máire Burns ina nochtar an t-uaigneas agus an eagla a mhothaigh go leor daoine i rith na paindéime. Ach in ainneoin na himní, cuidíonn an phríomhcharachtair sa scéal seo linn an gáire agus blaisín maith den áiféis a aimsiú sa domhan úr ina maireann muid. Arna léamh ag an tAthair Brian Ó Fearraigh agus curtha i láthair ag Réaltán Ní Leannáin....more37minPlay
April 30, 2022Cócó le Máire ZepfBean stuama céillí í Eibhlinn Nic Ruairí ach cuireann geáitsí místuama a comharsa brú ar an fhoighde fhadfhulangach atá aici nuair a thagann sí ’na bhaile le peata úr. Sa scéal éadromchroíoch seo ó Mháire Zepf, atá léite dúinn ag Deirdre Learmont, feictear bean i ndeireadh na péice ag seasamh go docht in aghaidh na seafóide – ach an dtéann sí rófhada leis?...more41minPlay
March 31, 2022Camchuairt le Déirdre Ní Grianna (Gaeilge)Scéal mistéireach faoi thuras trí dhúichí deoranta, áit a gcastar le duine de sheans a thugann oscailt súl agus ábhar machnaimh don phríomhcharachtar. Tá an scéal fíorspéisiúil seo le Déirdre Ní Grianna á léamh ag an aisteoir Conallach Mairéad Dinny Ní Ghallchóir, agus ina dhiaidh, tá comhrá bríomhar leis an eagarthóir Réaltán Ní Leannáin ina spíonann siad an scéal agus fiosraíonn siad na téamaí agus an tírdhreach cultúrtha as a dtagann sé....more37minPlay
March 01, 2022An Cloigeann le Seán Ó DúroisTógann an scéal físiúil seo le Seán Ó Dúrois siar muid go dtí an Ré Dhorcha, áit a bhfuil ard-ealaín agus ard-cheardaíocht ag maireachtáil taobh le taobh leis an bhrúidiúlacht mharfach. Coinníonn an scéalaí ar fionraí muid tríd an scéal ... an bhfuil muid ar thuras i dtreo an tsolais nó an gcaitear siar níos faide muid sa dorchadas? Á léamh ag an aisteoir agus scríbhneoir clúiteach Niall Mac Eachmharcaigh le comhrá bríomhar faoin scéal ina dhiaidh....more42minPlay
January 31, 2022Sámhnas Shábha le Máire Dinny WrenÉist le léamh tuisceanach Charmel Ní Bhriain ar an scéal “Sámhnas Shábha” le Máire Dinny Wren agus a comhrá bríomhar le Réaltán Ní Leannáin ina dhiaidh.Scéal é seo a thugann léargas mothálach ar shaol mná i ndeireadh a laetha i lár na paindéime, a léiríonn cuid den tragóid phearsanta a d’fhulaing teaghlaigh go ciúin i rith na tréimhse suaithí seo....more31minPlay
December 31, 2021Teacht Slán le Proinsias Mac a' BhairdTá scéal cumhachtach ó Phroinsias Mac a’ Bhaird againn daoibh an mhí seo, á léamh ag Aodán Ó Cearbhaill agus á chur i láthair ag Réaltán Ní Leannáin.Sa scéal seo, déanann iascaire óg a dhícheall a theacht chun réitigh le heachtraí tromchúiseacha a thiteann amach ina shaol, eachtraí b’fhéidir a tharla de bharr a chuid aicsin nó a easpa aicsin féin....more46minPlay
November 30, 2021Díoltas na Coilleadh le Seanán Mac AoidhIs í Suzanne Uí Ghallchóir atá linn san eagrán seo agus í ag léamh an scéil 'Díoltas na Coilleadh' le Seanán Mac Aoidh. Déanann sí féin agus Réaltán Ní Leannáin an scéal a phlé ina dhiaidh i gcomhrá bríomhar suimiúil....more33minPlay
October 23, 2021Bréaga - le hIarla Mac Aodha BhuíIs í Marina Nic Giolla Bhríde atá linn san eagrán seo agus í ag léamh an scéil 'Bréaga' le hIarla Mac Aodha Bhuí. Déanann sí féin agus Réaltán Ní Leannáin an scéal a phlé ina dhiaidh i gcomhrá bríomhar suimiúil.Is scríbhneoir bisiúil é Iarla Mac Aodha Bhuí. Tá idir ghearrscéalta, ailt, úrscéal nó dhó, leabhair eachtraíochta do dhaoine óga, léirmheastóireacht agus aistriúcháin scríofa aige thar na blianta. Is scéal nua-aimsire é 'Bréaga' ina bhfuil neart uisce faoi thalamh ann a thugann spás don léitheoir na bearnaí a líonadh isteach....more31minPlay
FAQs about Bláth na dTulach:How many episodes does Bláth na dTulach have?The podcast currently has 28 episodes available.