Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is é seo Blúirín Nuachta an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa Pharlaimint taobh istigh de thrí nóiméad gach lá ó Luan go hAoine.Is féidir éisteacht le tuille... more
FAQs about Blúiríní Nuachta:How many episodes does Blúiríní Nuachta have?The podcast currently has 680 episodes available.
July 15, 2025Blúiríní Nuachta – 15/07/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: cuireann airí rialtais na Danmhairge a dtosaíochtaí i láthair i gcruinnithe le coistí na Parlaiminte; pléann an Fochoiste um Chearta an Duine staid chearta an duine sa tSín roimh Chruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSín i mBéising; agus togra ón gCoimisiún chun Dlí Aeráide na hEorpa a leasú....more2minPlay
July 14, 2025Blúiríní Nuachta – 14/07/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: vóta i gCoiste na Parlaiminte um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe ar rialacha nua chun cosaint níos fearr a thabhairt d’fheirmeoirí san Aontas; tá lucht déanta dlí ó NATO agus ón Aontas sa Bhruiséil le haghaidh seimineár ar dhul i ngleic le bagairtí hibrideacha; plé ag na Feisirí ar straitéis frith-chiníochais thodhchaíoch an Aontais i gcruinniú tábhachtach ar shaoirsí sibhialta....more2minPlay
July 11, 2025Blúiríní Nuachta – 11/07/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tugann na Feisirí tús áite don chomhbheartas talmhaíochta sa chéad bhuiséad fadtéarmach eile a bheidh ag an Aontas; cáineann an Pharlaimint coireanna cogaidh leanúnacha na Rúise san Úcráin; agus molann na Feisirí slite chun bainistiú a dhéanamh ar shreabhadh earraí nach bhfuil ar an gcaighdeán cuí isteach san Aontas ó shiopaí ar líne nach bhfuil san Aontas....more3minPlay
July 10, 2025Blúiríní Nuachta – 10/07/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: glacfaidh an Bhulgáir an euro ón 1 Eanáir 2026; leag Príomh-Aire na Danmhairge, Mette Frederiksen, amach tosaíochtaí na Danmhairge dá hUachtaránacht ar Chomhairle AE, a mhairfidh sé mhí; agus ghlac an Pharlaimint dlí nua chun soláthairtí gáis a dhaingniú agus chun dul i ngleic le hamhantraíocht....more3minPlay
July 08, 2025Blúiríní Nuachta – 08/07/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Tá seisiún iomlánach mhí Iúil na Parlaiminte ar siúl. Déanfaidh na Feisirí díospóireacht agus vótálfaidh siad ar EUR 280 milliún d’fhaoiseamh tuilte a dháileadh ar an Ostair, ar an tSeicia, ar an bPolainn, ar an tSlóvaic, ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus ar an Moldóiv; sní isteach beartán ó lasmuigh den Aontas a rialú; agus dlús a chur leis na hullmhúcháin do shéasúr na bhfalscaithe....more3minPlay
July 07, 2025Blúiríní Nuachta – 07/07/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tá suí iomlánach mhí Iúil ag tosú inniu sa Pharlaimint; déanfaidh na Feisirí measúnú ar na scéalta is déanaí ón Meánoirthear; díospóireacht ar mholadh an Choimisiúin le haghaidh sprioc aeráide nua an Aontais do 2040; agus pléifidh Uachtaráin na Parlaiminte agus an Choimisiúin an chéad bhuiséad fadtéarmach eile a bheidh ag an Aontas....more2minPlay
July 04, 2025Blúiríní Nuachta – 04/07/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: cuirfear tús le suí iomlánach na Parlaiminte Dé Luain. Tá na nithe seo a leanas ar an gclár oibre: leagfaidh Uachtaránacht na Danmhairge ar an gComhairle a clár oibre amach; beidh an tUachtarán Metsola sa chathaoir do shearmanas cuimhneacháin 30 bliain tar éis chinedhíothú Srebrenica; agus cromfaidh an Mheitheal um an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí ar a cuid oibre arís....more3minPlay
July 03, 2025Blúiríní Nuachta – 03/07/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tá na hullmhúcháin don chéad suí iomlánach eile faoi lán seoil; in Strasbourg, pléifidh na Feisirí tosaíochtaí Uachtaránacht na Danmhairge ar an gComhairle; agus tá an ceathrú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú na Forbraíochta ag teacht chun deiridh sa Spáinn....more3minPlay
July 02, 2025Blúiríní Nuachta – 02/07/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: coistí na Parlaiminte ag plé formheas níos tapúla do rialú lotnaidí nach ndéanann dochar don chomhshaol; éisteacht phoiblí ag na Feisirí faoi thithíocht inacmhainne agus sóisialta; agus comórtas Phríomhchathracha Eorpacha na Miondíola 2026 á sheoladh ag an bParlaimint....more2minPlay
FAQs about Blúiríní Nuachta:How many episodes does Blúiríní Nuachta have?The podcast currently has 680 episodes available.