Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is é seo Blúirín Nuachta an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa Pharlaimint taobh istigh de thrí nóiméad gach lá ó Luan go hAoine.Is féidir éisteacht le tuille... more
FAQs about Blúiríní Nuachta:How many episodes does Blúiríní Nuachta have?The podcast currently has 680 episodes available.
September 09, 2025Blúiríní Nuachta – 09/09/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Tá seisiún iomlánach na Parlaiminte fós ar siúl; Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen ag tabhairt a hóráide sa díospóireacht ar Staid an Aontais Eorpaigh; áirítear sa chlár oibre fosta an comhaontú trádála ar thángthas air idir an Coimisiún agus na Stáit Aontaithe i mí Iúil, agus an bhagairt leanúnach a bhaineann le cur isteach loingseoireachta satailíte na Rúise ar eitleáin agus ar longa....more3minPlay
September 08, 2025Blúiríní Nuachta – 08/09/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Pléifidh na Feisirí slándáil agus síocháin don Úcráin le linn an tseisiúin iomlánaigh nua in Strasbourg; ar an gclár oibre fosta tá an staid sa Mheánoirthear; agus táthar ag súil go bhformheasfaidh an Pharlaimint bearta nua chun cur amú bia agus teicstíle a laghdú in AE....more2minPlay
September 05, 2025Blúiríní Nuachta – 05/09/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Pléann an Pharlaimint agus an Coimisiún an comhaontú trádála idir AE agus na Stáit Aontaithe; Tá Uachtarán na Parlaiminte Metsola i gCeanada do Chruinniú Cainteoirí Parlaiminteacha G7; agus cuireann Metsola a comhbhrón in iúl do theaghlaigh íospartaigh na timpiste iarnróid cábla sa Phortaingéil....more3minPlay
September 04, 2025Blúiríní Nuachta – 04/09/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Pléann an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh sa Pharlaimint hidrigin; déanann an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta tionscadal an euro dhigitigh a phlé; agus tagann an Coiste um Iascach le chéile chun cosaint na bithéagsúlachta muirí a phlé....more2minPlay
September 03, 2025Blúiríní Nuachta – 03/09/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: léiríonn suirbhé Eorabharaiméadair is déanaí Pharlaimint na hEorpa go bhfuil ionchais arda ag saoránaigh don Aontas; tá Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, le dul go Ceanada chun páirt a ghlacadh i gCruinniú Cainteoirí Parlaiminteacha G7; agus beidh plé ag Coiste na Parlaiminte um an gComhshaol, um an Aeráid agus um Shábháilteacht Bia ar sholáthar táirgí íocshláinte criticiúla a neartú....more3minPlay
September 02, 2025Blúiríní Nuachta – 02/09/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Ullmhaíonn Comhdháil na nUachtarán i bParlaimint na hEorpa an díospóireacht ar Staid an Aontais; tagann an Coiste um Fhorbairt Réigiúnach le chéile chun an beartas comhtháthaithe a phlé; agus Feisirí an Choiste um Shlándáil agus um Chosaint sa Pharlaimint ag dul i ngleic le hullmhacht cosanta agus soghluaisteacht mhíleata chun borradh a chur faoi shlándáil AE....more2minPlay
September 01, 2025Blúiríní Nuachta – 01/09/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Tá Feisirí de Choiste na Parlaiminte um Shlándáil agus Cosaint ag dul i ngleic le hullmhacht cosanta agus soghluaisteacht mhíleata chun borradh a chur faoi shlándáil AE faoi 2030; tá an suirbhé Eorabharaiméadair nua ar tí a bheith foilsithe; déanfaidh Parlaimint na hEorpa Lá an Ilteangachais a cheiliúradh sa Bhruiséil agus ar líne an 26 agus an 27 Meán Fómhair....more2minPlay
August 01, 2025Blúiríní Nuachta – 01/08/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Cuirfidh coistí na Parlaiminte tús lena gcuid oibre arís an 1 Meán Fómhair; seachtain amháin ina dhiaidh sin, tionólfar seisiún iomlánach in Strasbourg; agus déanfaidh Parlaimint na hEorpa Lá an Ilteangachais a cheiliúradh, i mí Mheán Fómhair chomh maith....more2minPlay
July 31, 2025Blúiríní Nuachta – 31/07/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: déanfaidh Parlaimint na hEorpa Lá an Ilteangachais a cheiliúradh sa Bhruiséil agus ar líne i mí Mheán Fómhair; Déanann institiúidí sláinte na hEorpa comóradh ar Lá Domhanda na Heipitíteas; agus dea-scéala dóibh siúd ar mian leo dul ag snámh i suíomhanna snámha an Aontais....more3minPlay
July 30, 2025Blúiríní Nuachta – 30/07/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: cuireann Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Metsola, fáilte roimh an chomhaontú trádála idir AE agus na Stáit Aontaithe; taistealóidh comhaltaí an Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra go dtí an Danmhairg agus an tSualainn i mí Mheán Fómhair; agus do pheataí a ullmhú dá laethanta saoire samhraidh san Aontas....more2minPlay
FAQs about Blúiríní Nuachta:How many episodes does Blúiríní Nuachta have?The podcast currently has 680 episodes available.