Blúiríní Nuachta

Blúiríní Nuachta

By Parlaimint na hEorpaNewsGovernmentPolitics
Download on the App Store

Blúiríní Nuachta episodes

  • Blúiríní Nuachta – 13/02/2026 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: éilíonn na Feisirí comhpháirtíochtaí cosanta méadaithe don Aontas i bhfianaise na mbagairtí slándála atá ag dul i méid; formheasann Parlaimint na hEorpa pacáiste iasachtaí ón Aontas don Úcráin ar luach €90 billiún; agus ceadaíonn na Feisirí €7.5 milliún de chabhair ón Aontas d’oibrithe Audi a briseadh as a bpoist sa Bheilg.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 12/02/2026 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: formheasann Parlaimint na hEorpa sprioc cheangailteach chun astaíochtaí a laghdú 90% faoi 2040; díospóireacht ar bhorradh a chur faoi iomaíochas an Aontais; agus tacaíonn na Feisirí le cruthú liosta de chuid an Aontais de thíortha sábháilte chun dlús a chur le nósanna imeachta tearmainn.
    4 min
  • Blúiríní Nuachta – 11/02/2026 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: díospóireacht i bParlaimint na hEorpa faoi thuarascáil bhliantúil 2025 ó BCE; pléann na Feisirí freagairt an Choimisiúin ar na teagmhais adhaimsire a tharla le déanaí i ndeisceart na hEorpa; agus tacaíonn an Coiste Speisialta um an nGéarchéim Thithíochta le moltaí chun dul i ngleic le géarchéim thithíochta na hEorpa.
    5 min
  • Blúiríní Nuachta – 10/02/2026 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: pléann Parlaimint na hEorpa iomaíochas an Aontais agus an costas maireachtála atá ag dul i méid; ceistíonn na Feisirí an Chomhairle agus an Coimisiún faoin smacht reachta agus mí-úsáid chistí an Aontais sa tSlóvaic; caitheann an Pharlaimint vóta ar €7.5 milliún de chabhair ón Aontas a thabhairt d’oibrithe Audi a briseadh as a bpoist sa Bheilg.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 09/02/2026 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: vótálann Parlaimint na hEorpa go laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 90%; déanann na Feisirí plé maidir le freagairt níos láidre ón Aontas ar theagmhais adhaimsire; ar chlár oibre an tseisiúin iomlánaigh sa Pharlaimint freisin tá borradh a chur faoin gcosaint Eorpach i bhfianaise an teannais dhomhanda atá ag dul i méid.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 06/02/2026 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: Plé ar thosaíochtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag seisiún iomlánach na Parlaiminte, le linn cur i láthair Lagarde ar thuarascáil bhliantúil an Bhainc; tá seisiún iomlánach urghnách den Pharlaimint an 24 Feabhra fógartha ag an Uachtarán Metsola, cothrom le ceithre bliana ó chur an Rúis tús lena chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine; déanfaidh an Pharlaimint comóradh ar an Lá Domhanda in aghaidh na hAilse le béim athnuaite ar ghalarchosc agus ar thaighde.
    2 min
  • Blúiríní Nuachta – 05/02/2026 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: Ullmhaíonn na Feisirí do shuí iomlánach mhí Feabhra in Strasbourg a bhfuil cuspóirí aeráide, coimircí trádála agus cuimsiú sóisialta ar an gclár dó; cuireann an Coiste um Buiséid ceisteanna ar an gCoimisiún maidir le cistiú ón Aontas don Úcráin.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 04/02/2026 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: dar leis an suirbhé Eurobarometer is déanaí, ba mhaith le saoránaigh go mbeadh ról níos láidre ag an Aontas Eorpach i slándáil agus go ndíreodh sé ar an ngeilleagar agus ar an gcostas maireachtála. Tá na Feisirí ag ullmhú le haghaidh seisiún iomlánach in Strasbourg; agus cuireann Lá Domhanda in aghaidh na hAilse béim ar Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 03/02/2026 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: díospóireacht ag Coiste na Parlaiminte um Buiséid faoi leasuithe ar chreat airgeadais ilbhliantúil an Aontais don tréimhse tar éis 2027; plé ag na Feisirí le Meicsiceo faoi shlándáil, cearta an duine agus geopholaitíocht; agus labhraíonn an Coimisinéir Hoekstra leis na Feisirí faoin gclár oibre don bhliain 2026.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 02/02/2026 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: éilíonn na Feisirí reachtóireacht AE níos cliste chun borradh a chur faoin iomaíochas; tacaíonn Coiste na Parlaiminte um Buiséid le €7.5 milliún de chabhair ón Aontas d’oibrithe a briseadh as a bpoist nuair a dhún monarcha Audi sa Bheilg; agus déanann na Feisirí comóradh ar an Lá Domhanda in aghaidh Ailse le díospóireacht faoi chomhrac na hEorpa i gcoinne na hailse.
    3 min

About Blúiríní Nuachta

From the publisher's feed

Is é seo Blúirín Nuachta an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa Pharlaimint taobh istigh de thrí nóiméad gach lá ó Luan go hAoine.