Blúiríní Nuachta

Blúiríní Nuachta

By Parlaimint na hEorpaNewsGovernmentPolitics
Download on the App Store

Blúiríní Nuachta episodes

  • Blúiríní Nuachta – 16/01/2026 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: Cuireann ceannairí Pharlaimint na hEorpa in iúl go dtacaíonn siad go láidir leis an nGraonlainn agus leis an Danmhairg; tá na Feisirí chun scrúdú a dhéanamh ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh ciste comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí nua ar fiú EUR 865 bhilliún é; agus pléann na Feisirí cosaint níos láidre ar shubstaintí contúirteacha ag an obair.
    2 min
  • Blúiríní Nuachta – 15/01/2026 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: Tá na Feisirí ag ullmhú do dhíospóireacht ar bheartas slándála, cosanta agus eachtrach an Aontais ag an gcéad seisiún iomlánach den bhliain; déanfar comóradh sa seisiún iomlánach sin ar 40 bliain de bhallraíocht na Spáinne agus na Portaingéile san Aontas agus beidh ann freisin do dhíospóireacht maidir le hUachtaránacht na Cipire ar an gComhairle; agus cuirfidh na Feisirí ceisteanna ar an gCoimisiún Eorpach maidir le cistí an Aontais le haghaidh athchóiriú sna Balcáin Thiar, sa Mholdóiv agus san Úcráin.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 14/01/2026 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: Cosnaíonn na Feisirí an riail maidir le moill 3 uair an chloig agus éilíonn siad cearta níos láidre d’aerphaisinéirí; pléann an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh sa Pharlaimint an Pacáiste Mótarfheithiclí agus an straitéis chun an tionscal ceallraí a threisiú; agus tá plé déanta ag an gCoiste um Buiséid maidir le EUR 7.5 milliún a scaoileadh ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú chun tacú le hoibrithe iomarcacha ón gcomhlacht Audi sa Bheilg.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 13/01/2026 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: Casann Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, agus ceannairí na ngrúpaí polaitiúla le ceannaire bheartas eachtrach an Aontais, Kaja Kallas; pléann an Coiste Speisialta um an nGéarchéim Thithíochta san Aontas an Plean Eorpach nua um Thithíocht Inacmhainne; agus osclaíonn an clárú don cheathrú heagrán de Shiompóisiam Cánach an Aontais, a bheidh ar siúl sa Bhruiséil i mí an Mhárta.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 12/01/2026 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: pléann Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadaíochta na Parlaiminte rialacha baincéireachta níos simplí le Leas-Uachtarán BCE de Guindos; tugann Parlaimint na hEorpa cuireadh d’athraitheoirí óga cur isteach ar Dhuais Charlemagne don Óige; Is iad Oulu agus Trenčín Príomhchathracha Cultúir na hEorpa 2026.
    2 min
  • Blúiríní Nuachta – 09/01/2026 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: scrúdóidh Coiste Iompair na Parlaiminte rialacha nua ródacmhainneachta agus sábháilteachta feithiclí; pléifidh an Coiste um Thalmhaíocht an Ciste Eorpach um Iomaíochas agus todhchaí na tacaíochta feirmeoireachta, agus reáchtálfaidh sé éisteacht phoiblí freisin ar earnáil beostoic an Aontais agus rialú galar ainmhithe.
    2 min
  • Blúiríní Nuachta – 08/01/2026 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: tá toscaireacht ó Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta na Parlaiminte sa Bhulgáir ag díriú ar athchóirithe bochtaineachta leanaí agus cosaint leanaí; déanann Feisirí measúnú ar chearta an duine agus ar an smacht reachta i gcuairt ar an Tuirc; críochnaíonn toscaireacht ó Choiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh na Parlaiminte misean fuinnimh, mianadóireachta agus nuálaíochta go dtí an tSile.
    2 min
  • Blúiríní Nuachta – 07/01/2026 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: Tá an Bhulgáir anois ar an 21ú ball de limistéar an euro; glacann an Chipir Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh; Comórann an Spáinn agus an Phortaingéil an 40ú bliain mar Bhallstáit.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 19/12/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: ag suí iomlánach deireanach na Parlaiminte i mbliana, éilíonn na Feisirí ‘limistéar míleata Schengen’ chun gluaiseacht trúpaí ar fud an Aontais a bhrostú; formheasann an Pharlaimint cosc de réir a chéile ar iompórtálacha gáis ón Rúis; agus tacaíonn na Feisirí le tionscnamh ó na saoránaigh chun rochtain ar ghinmhilleadh sábháilte a fheabhsú san Aontas.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 18/12/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: tá suí iomlánach deireanach Pharlaimint na hEorpa i mbliana ag teacht chun deiridh in Strasbourg. Tacaíonn an Pharlaimint le bearta chun borradh a chur faoi thacaíocht an Aontais don infheistiú sa chosaint; tacaíonn na Feisirí le rialacha níos simplí agus níos mó tacaíochta d’fheirmeoirí; agus tugann an Pharlaimint ómós do Andrzej Poczobut agus Mzia Amaglobeli, buaiteoirí Dhuais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2025.
    4 min

About Blúiríní Nuachta

From the publisher's feed

Is é seo Blúirín Nuachta an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa Pharlaimint taobh istigh de thrí nóiméad gach lá ó Luan go hAoine.