Blúiríní Nuachta

Blúiríní Nuachta

By Parlaimint na hEorpaNewsGovernmentPolitics
Download on the App Store

Blúiríní Nuachta episodes

  • Blúiríní Nuachta – 03/12/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: tá na Feisirí ag iarraidh gníomhaíochta níos déine i gcoinne táirgí mídhleathacha agus neamhshábháilte a dhíoltar ar líne; déanann Coiste um Shaoirsí Sibhialta na Parlaiminte athbhreithniú ar chearta agus ar bhearnaí cosanta do dhaoine faoi mhíchumas; agus tugann Fochoiste um Chearta an Duine na Parlaiminte aghaidh ar an mbagairt ón bhforéigean trasnáisiúnta.
    2 min
  • Blúiríní Nuachta – 02/12/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: tá Uachtarán na Parlaiminte, Roberta Metsola, sa Chipir sula nglacfar Uachtaránacht an Aontais in 2026; tugann Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Christine Lagarde, eolas do Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadaíochta na Parlaiminte faoi rioscaí cobhsaíochta airgeadais; agus déanann an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta scrúdú ar chosaint oibrithe i bpoist ardriosca.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 01/12/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: cuireann Parlaimint na hEorpa tús lena tríú Seachtain um Chearta Daoine faoi Mhíchumas; tá na Feisirí sa tóir ar straitéis níos láidre de chuid an Aontais do chearta daoine faoi mhíchumas; agus tá na Feisirí le scrúdú a dhéanamh ar ghanntanais scileanna in earnáil tógála an Aontais.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 28/11/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: déanann Parlaimint na hEorpa buiséad 2026 an Aontais a fhormheas, le maoiniú méadaithe don taighde, slándáil agus bonneagar; vótálann na Feisirí chun dlí an Aontais maidir le dífhoraoisiú a shimpliú; agus éilíonn siad teorainn aoise uile-Aontais de 16 bliana d’aois ar na meáin shóisialta chun leanaí a chosaint ar líne.
    4 min
  • Blúiríní Nuachta – 27/11/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: déanann Parlaimint na hEorpa an chéad chlár riamh um an tionscal cosanta Eorpach a fhormheas; tugann an Pharlaimint foláireamh faoin ngéarchéim atá ag méadú san Ungáir i dtaca leis an smacht reachta; agus déanann na Feisirí rialacha níos déine do shábháilteacht bréagán san Aontas a fhormheas.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 26/11/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: déanann na Feisirí comóradh ar an Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú an Fhoréigin in aghaidh na mBan; cuireann an Pharlaimint tús lena suí iomlánach ag éileamh síocháin chóir san Úcráin; molann Coistí um Iompar agus um Chosaint na Parlaiminte gur cheart ‘limistéar míleata Schengen’ a chruthú chun cur i gcoinne bhagairt na Rúise.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 25/11/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: foláireamh ó thoscaireacht AE ag COP 30 go bhfuil an dul chun cinn ró-mhall le dul i ngleic leis an éigeandáil aeráide; ag an suí iomlánach, caitheann an Pharlaimint vóta ar bhuiséad 2026 an Aontais tar éis méaduithe tábhachtacha ar mhaoiniú a bhaint amach; agus pléann na Feisirí leochaileacht an Aontais i leith shrianta na Síne ar easpórtálacha tearc-chré.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 24/11/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: cuirfear tús leis an suí iomlánach in Strasbourg inniu. Tá Parlaimint na hEorpa le plé a dhéanamh ar ghníomhaíocht níos láidre ar leibhéal an Aontais i leith an fhoréigin i gcoinne na mban; tá cosaint níos láidre á héileamh ag na Feisirí do mhionaoisigh agus dearbhóidh siad rialacha níos láidre de chuid an Aontais ó thaobh sábháilteacht bréagán de.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 21/11/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: cuirfear tús leis an suí iomlánach in Strasbourg Dé Luain. Beidh díospóireachtaí ag na Feisirí ar an tSín, ar shábháilteacht bréagán agus ar chosaint ar líne; tá an Pharlaimint le vóta a chaitheamh ar rún faoin Ungáir agus ar chumhachtaí níos láidre do Europol; tús curtha ag Uachtarán na Parlaiminte, Roberta Metsola, leis an gcéad eagrán d’Fhóram an Aontais maidir leis an Daonlathas Parlaiminteach.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 20/11/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: linn nua tallainne chun oibrithe neamh-AE a earcú; déanann Coiste Talmhaíochta na Parlaiminte athbhreithniú ar thacaíocht d’earnáil na hola olóige; vótálann an Coiste um Buiséid ar chúnamh AE d’oibrithe a leagadh as a bpost sa tSualainn.
    3 min

About Blúiríní Nuachta

From the publisher's feed

Is é seo Blúirín Nuachta an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa Pharlaimint taobh istigh de thrí nóiméad gach lá ó Luan go hAoine.