[English version below]
Is tearc iad úrscéalta ficsean eolaíochta na Gaeilge, agus dá bharr sin is mór an gar é go bhfuil Aibhistín Ó Duibh agus Evertype tar éis leagan nuachóirithe de Cogadh na Reann, a d'aistrigh León Ó Broin ar dtús i 1934, a chur ar fáil dúinn.
Foilsíodh Cogadh na Reann den chéad uair in 1898. Meastar gurb é an chéad úrscéal riamh é faoi ionradh eachtrán ar an domhan agus tá sé ar cheann de na húrscéalta ficsean eolaíochta is tábhachtaí dár ceapadh. Athchóiríodh é don raidió, don téatar agus don phictiúrlann, agus is iomaí sin saothar ficsin, de gach saghas, a raibh sé ina inspioráid acu. Mar aon le The Time Machine, The Island of Dr Moreau agus An Chéad-Chuairt ar an nGealaigh, áirítear Cogadh na Reann ar mhórshaothair ficsean eolaíochta H.G. Wells (1866-1946).
Láithreoir: Ian Ó Caoimh
Aíonna: Róisín Adams agus Antain Mac Lochlainn
[Leagan Gaeilge thuas]
Science fiction novels in the Irish language are few and far-between, and it is therefore very fortunate that Aibhistín Ó Duibh and Evertype have provided us with an updated version of Cogadh na Reann, first translated into Irish by León Ó Broin in 1934.
The War of the Worlds was first published in 1898. It is thought to be the first novel about an alien invasion of Earth, and is one of the most important science fiction novels ever written. It was adapted for radio, theatre and cinema, and has inspired fictional works of all types. Alongside The Time Machine, The Island of Dr Moreau and The First Men in the Moon, The War of the Worlds is regarded as one of the great science fiction novels of H.G. Wells (1866-1946).
Presenter: Ian Ó Caoimh
Guests: Róisín Adams and Antain Mac Lochlainn