ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

By ClubLeabhar.comEducation
Download on the App Store

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club episodes

  • Tóraíocht an Duine ar Bhrí – Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2026 | October's Book of the Month 2026
    [English version below]
    Céadfhoilsíodh é an bhliain 1946, agus ón am sin i leith tá breis is 16 milliún cóip de díolta. Tá na glúnta léitheoirí i ndiaidh a bheith gafa go hiomlán leis na tuairiscí a thugann sé ar ainghníomhartha champaí bás na Naitsithe. Ní scéal faoi fhulaingt amháina atá ann, áfach ach iniúchadh domhain ar thóraíocht an duine ar bhrí na beatha. D’aimsigh Viktor Frankl an bhrí sin fiú san cúinní ba dhorcha den bheatha, agus chonaic sé go raibh splancacha dóchais agus áilleachta le fáil san cúinní céanna ainneoin na n uafás do-aithriste in thimpeall.
    Láithreoir: Seán Ó Catháin
    Aíonna: Irene Duffy-Lynch agus Aindrias Ó Cathasaigh
    [Leagan Gaeilge thuas]
    First published in 1946, it has sold over 16 million copies since then. Generations of readers have been captivated by its accounts of the atrocities of the Nazi death camps. It is not a story of mere suffering, however, but a profound exploration of the human search for meaning in life. Viktor Frankl found that meaning even in the darkest corners of life, and saw that there were glimmers of hope and beauty to be found in those same corners despite the unspeakable horrors surrounding him.
    Presenter: Seán Ó Catháin
    Guests: Irene Duffy-Lynch and Aindrias Ó Cathasaigh
    19 min
  • Heartstopper 3 – Leabhar mhí Mheán Fómhair 2026 | September's Book of the Month 2026
    [English version below]
    Níor cheap Charlie riamh go mbeadh mothúcháin ag Nick dósan freisin, ach anois tá siad ag siúl amach le chéile. Agus d’inis Nick dá mham é! Ach ní rud é an teacht amach a tharlaíonn uair amháin sa saol – tá deartháir Nick ann, agus turas go Páras, gan trácht ar na cairde agus na baill teaghlaigh eile go léir – agus bíonn an saol crua, fiú agus duine grámhar le do thaobh. De réir mar a rachaidh a gcuid mothúchán i ndoimhneacht, beidh gá níos mó ag Charlie is Nick lena chéile ná mar a bhí riamh cheana. Scríofa agus maisithe ag Alice Oseman. Aistrithe ag Eoin McEvoy. Foilsithe ag Futa Fata.
    Láithreoir: Seán Ó Catháin
    Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agus Caolán Mac Grianna
    [Leagan Gaeilge thuas]
    Charlie didn’t think Nick could ever like him back, but now they’re officially boyfriends. Nick’s even found the courage to come out to his mum. But coming out isn’t just something that happens once – there’s Nick’s older brother, and a school trip to Paris, not to mention all the other friends and family – and life can be hard, even with someone who loves you by your side. As their feelings get more serious, Charlie and Nick will need each other more than ever before.
    Presenter: Seán Ó Catháin
    Guests: Lisa Nic an Bhreithimh and Caolán Mac Grianna
    25 min
  • An Cleasaí Dubh - Leabhar mhí an Mheithimh 2026 | May's Book of the Month 2026
    [English version below]
    Maireann scéalta Bhríain Mhic a’ Bhaird i saol atá idir an coitianta agus an corr – saol ina mbuaileann draíocht na samhlaíochta le gnáthshaol na tuaithe. Tá na carachtair a chruthaíonn sé beo daonna, ach bíonn scáil éiginnteachta ag crochadh tharstu go minic, le seift éigin agus rúndiamhair fite fuaite i scéalta a mbeatha. Léirítear réimse leathan de shaolta sna scéalta seo: tá an greann ann chomh maith leis an ghruaim, leis an uaigneas agus an cairdeas, an fhírinne lom agus an chaimiléireacht. Tugann Mac a’ Bhaird a ghuth sainiúil féin do shaol atá ag athrú, guth atá fréamhaithe sa traidisiún ach atá ag lorg bealaí úra leis an fhírinne a rá amach. Seo leabhar a mheallfaidh an léitheoir isteach sna saolta a nochtar dúinn, áit a mbíonn an gnáthshaol i gcónaí réidh le héirí as an choiteann.
    Láithreoir: Seán Ó Catháin
    Aíonna: Dáibhidh Ó Luinín agus Caoimhín Ó Liatháin
    [Leagan Gaeilge thuas]
    A collection of short stories in Irish from the author of Iníon Katie and Ó Loinsigh agus Mason.
    Presenter: Seán Ó Catháin
    Guests: Dáibhidh Ó Luinín and Caoimhín Ó Liatháin
    27 min
  • An Saol Sona - Leabhar mhí na Bealtaine 2026 | May's Book of the Month 2026
    [English version below]
    Colscartha óna bhean, caidreamh ar éigean aige lena mhac, ní thuigeann Éric cén chaoi a ndeachaigh a shaol amú air oiread.
    Léas solais atá i ndeis nua oibre, a cheanglaíonn arís é le seanchara scoile agus a thugann go cathair Seoul é, ach ní mhaireann an solas sin i bhfad.
    Tógfaidh sé eispéireas as an ngnáth le cabhrú le Éric na rudaí tábhachtacha sa saol a aithint…
    Láithreoir: Seán Ó Catháin
    Aíonna: Anna Heussaff agus Cian Ó Dubhshláine
    [Leagan Gaeilge thuas]
    Divorced from his wife, struggling to keep a relationship with his son, Éric doesn’t understand how life went so wrong for him.
    A ray of light comes in the form of a new work opportunity, one that reconnects him with an old schoolmate and takes him to Seoul, but even that light soon falters. It will take a rather novel experience to help Éric recognise the important things in life…
    Presenter: Seán Ó Catháin
    Guests: Anna Heussaff and Cian Ó Dubhshláine
    32 min
  • Glórtha an Tráthnóna - Leabhar mhí Aibreáin 2026 | April's Book of the Month 2026
    [English version below]
    Faoi ainm cleite a foilsíodh an chéad úrscéal a scríobh Natalia Ginzburg i 1942, ach fán bhliain 1947 bhí sí saor le scríobh faoina hainm féin. Tháinig rabharta úrscéalta uaithi as sin amach, mar aon le haistí, gearrscéalta, agus eile. Áirítear í ar mhórscríbhneoirí Iodáilise a linne.
    I 1961 a tháinig Le voci della sera amach. Tá an scéal suite i mbaile tuaithe in iarthuaisceart na hIodáile sna 1940í. Ríomhtar an scéal trí shúile mná óige, agus faightear spléachadh ar a saol siúd agus ar shaol na gcomharsan, go háirithe ar imeachtaí an dream ar leo an mhonarcha ar a bhfuil an dúiche ar fad beo. Tá cúrsaí polaitiúla agus sóisialta i gceist, chomh maith le cúrsaí grá agus pósta, rudaí nach ritheann go réidh do dhuine ar bith san áit, agus ní taise do bhean inste an scéil é. Tá lámh éadrom ag an údar ar an insint, agus súil ghéar, agus cluas ghéar, agus ligtear do phearsanra an scéil iad féin a léiriú, an-mhinic, trí ráitis a mbéil féin.
    Ón eagrán Iodáilise a d’fhoilsigh Einaudi i 1971 (athchló 1979) a aistríodh Glórtha an Tráthnóna.
    Aistrithe ón Iodáilis ag Máire Nic Mhaoláin, buaiteoir Ghradam de Bhaldraithe, 2024.
    Láithreoir: Seán Ó Catháin
    Aíonna: aitlín Nic Íomhair agus Oisín Montanari
    [Leagan Gaeilge thuas]
    Our primary narrator in Voices in the Evening is Elsa, an as-yet-unmarried woman of a certain age—dismaying her hypochondriac mother—who describes the colorful natives of this small village. Her dialogue is rich, ranging from amusing character studies to heartbreaking developments, all of which subtly reflect a society rebuilding itself after tremendous loss. Ginzburg’s work often focuses on individuals in the time around World War II, when many isms—Communism, Fascism, Catholicism, Nationalism—provided conflicts across Italy, and within communities and families. Though the political context is important in understanding the nuances of her work, Ginzburg’s talent, and how fresh these stories still feel, is in her note-perfect characterizations. The many political frictions offer a context, but it’s these imaginary/real people who are front and center.
    Presenter: Seán Ó Catháin
    Guests: Caitlín Nic Íomhair and Oisín Montanari
    23 min
  • Na Bróga Peile agus Scéalta Eile - Leabhar mhí an Mhárta 2026 | March's Book of the Month 2026
    [English version below]
    Póg neamhcheadaithe; déantúsán luachmhar a aimsíonn déagóir sa Bhoireann; ciceanna pionóis le glacadh; duine óg ag glacadh páirt sa chlár teilifíse Cé Ar Mhaith Leis A Bheith ina Mhilliúnaí?; aisteoirí amaitéaracha ag dul amach ar stáitse den chéad uair agus go leor eile.
    Cnuasach spreagúil atá anseo a thugann an léitheoir ar thurais éagsúla: chuig óige an scéalaí i gCorcaigh; chuig cathracha iasachta ar nós Sydney na hAstráile, Manchain agus Londain i Sasana; chuig Oileán Bharra in Albain; chuig Ardoifig an Phoist le linn Éirí Amach na Cásca 1916 agus chuig Láthair an Áir sa bhliain 1914.
    Is as Cathair Chorcaí ó dhúchas do Sheosamh Céitinn. D’fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Chaith sé breis is tríocha bliain ag múineadh na Gaeilge i mBaile Átha Luain sula ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 2022.
    I measc na leabhar atá foilsithe aige tá Tomás Oileánach (1992) faoin údar Gaeilge mór le rá, an leabhar gramadaí Graiméar don Mheánscoil (Mentor Books 2012) agus bhí sé ina chomhúdar ar an tsraith Maoin (Mentor Books 2009) chomh maith leis an leagan nua den tsraith a foilsíodh sa bhliain 2020.
    Láithreoir: Seán Ó Catháin
    Aíonna: Katie Whelan agus Jody Buckley-Coogan
    [Leagan Gaeilge thuas]
    This is the first short story collection by Seosamh Céitinn.
    An unexpected kiss; a teenager stumbles across a valuable object in the Burren; tense penalty shootouts; a young contestant on Who Wants to Be a Millionaire?; amateur actors stepping onto the stage for the very first time—and plenty more.
    This is a captivating collection that takes readers on a variety of journeys: back to the author’s childhood in Cork; to faraway cities like Sydney, Manchester, and London; to the remote Scottish island of Barra; into the General Post Office during the Easter Rising of 1916; and to a haunting massacre site in 1914.
    Seosamh Céitinn was born and raised in Cork City. He attended University College Cork, where he earned both a BA and an MA in Modern Irish before completing a Higher Diploma in Education. He spent over thirty years teaching Irish in Athlone before retiring in 2022. He published his first book, Tomás Oileánach, in 1992, about the well- known Irish-language writer Tomás Ó Criomhthain.
    Presenter: Seán Ó Catháin
    Guests: Katie Whelan and Jody Buckley-Coogan
    21 min
  • Bódléar - Leabhar mhí Feabhra 2026 | February's Book of the Month 2026
    [English version below]
    I mbaile beag ar an gcósta thiar, gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus tugann leis ó dheas chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan é. Tar éis na cúirte, tugann sé dánta is amhráin nua na bhfilí Muimhneacha abhaile leis. Bíonn muintir an bhaile ag súil go mór leis na hamhráin nua, agus reachtálann siad oíche mhór le fáilte abhaile a chur roimhe.
    I mbliana, tá Bódléar tagtha aneas agus cantal air. As seo seo amach, cumfaidh sé “filíocht nua,” a deir sé, “filíocht níos fírinní!” Ach nuair a chloiseann muintir an bhaile na dánta nua “gan cheol gan rithim”, tagann uafás agus alltacht orthu. An sagart féin, fógraíonn sé na ‘filí mallaithe’ ón altóir.
    Úrscéal é seo a phléann leis an athrú a bhí ag teacht ar shaol agus ar chultúr na tuaithe ar fud na hEorpa san 19ú haois. Ceiliúradh freisin é ar dhomhan na bhfilí Muimhneacha agus ar an ngaol speisialta a bhí againn leis an bhFrainc.
    Bhuaigh an leabhar seo Duais an Oireachtais 2024 agus Gradam Uí Shúilleabháin ‘Leabhar na Bliana’ 2025
    Láithreoir: Seán Ó Catháin
    Aíonna: Úna Nic Cárthaigh agus Ava Ní Loinsigh
    [Leagan Gaeilge thuas]
    In a village on the west coast of Ireland, every summer, the local poet is sent south to Munster to represent his village at the great gathering of poets. And each year, he composes a new poem for the occasion and, more importantly, he brings home new poems and songs. The people of the village love the songs he brings back to them, and organize a big night every year to welcome him home.
    But this year, the poet has returned in a foul humour. From now on, he will compose “new poetry, truer poetry!” he says. But when his new “rhymeless and toneless” poems are heard, the locals are horrified….
    Bódléar is a novel with a light comic touch, a romance that deals with the changes in life and the ways in which people deal with them.
    Presenter: Seán Ó Catháin
    Guests: Úna Nic Cárthaigh and Ava Ní Loinsigh
    19 min
  • Eachtraí Sherlock Holmes - Leabhar mhí Eanáir 2026 | January's Book of the Month 2026
    [English version below]
    Eagrán nuachóirithe le hÉamonn Ó Dónaill
    Cnuasach sárscéalta bleachtaireachta … mar ar tháinig an carachtar ficseanúil is fearr de chuid an Albanaigh de bhunadh na hÉireann, Arthur Conan Doyle, os comhair an tsaoil den chéad uair.
    Láithreoir: Seán Ó Catháin
    Aíonna: Éamonn Ó Dónaill
    [Leagan Gaeilge thuas]
    A collection of short stories based on the adventures of Sherlock Holmes by Arthur Conan Doyle. Updated edition by Éamonn Ó Dónaill.
    Presenter: Seán Ó Catháin
    Guests: Éamonn Ó Dónaill
    18 min
  • Scéalta Nollag - Leabhar mhí na Nollag 2025 | December's Book of the Month 2025
    [English version below]
    - Gearrliosta 'Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana' ag Gradaim An Post 2025
    Foilsíodh leaganacha d’fhormhór na scéalta seo i gcolún an údair ‘Crobhingne’ san Irish Times aimsir na Nollag le fiche bliain anuas.
    Is geall le fabhalscéalta nó athinsintí samhlaíocha iad ar a bhfuil sa Bhíobla, nó neachtar acu, eachtraí atá bunaithe ar thomhaltachas Nollaig na linne seo.
    Scéal níos faide is ea ‘Lá Breithe’ ar óige Íosa nach bhfuil aon leagan de le fáil sa Tiomna Nua in aon chor, in aon chor. Bhuaigh an scéal seo duais do shaothar spioradáltachta ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2024.
    Láithreoir: Seán Ó Catháin
    Aíonna: Sorcha de Brún
    [Leagan Gaeilge thuas]
    - Shortlisted for 'Irish Language Fiction Book of the Year' at the An Post Irish Book Awards 2025
    Versions of most of these stories were previously published in the author’s column ‘Crobhingne’ in The Irish Times at Christmastime over the past twenty years.
    Some could be described as fables or imaginative retellings of Bible stories. Others are tales inspired by modern-day Christmas consumerism.
    ‘Lá Breithe’ is a longer story about Jesus’ childhood. No version of this story exists in the New Testament at all, at all. This story won a prize in the spiritual writing category at the 2024 Oireachtas Literary Competitions.
    Presenter: Seán Ó Catháin
    Guests: Sorcha de Brún
    Show less
    21 min
  • Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh - Leabhar mhí na Samhna 2025 | November's Book of the Month 2025
    [English version below]
    ‘Dúnmharú! Piléar tríd an gcluas! Ar an dé deiridh atá sé!
    Tagann deireadh tobann leis an gCluiche Ceannais i bPáirc an Chrócaigh nuair a dhúnmharaítear Seán Ó Glaimhín, an t-iománaí is fearr sa tír, ar an bpáirc imeartha.
    Ach cérbh é an Glaimhíneach seo, i ndáiríre? Cad a bhí ar siúl aige go ndearnadh é a lámhach go poiblí? Agus cé na dreamanna amhrasacha a raibh sé ag obair dóibh?
    Ar ámharaí an tsaoil bhí Réics Carló, an lorgaire phríobháideach is fearr sa tír, agus a chúntóir óg, Brian Ó Ruairc, i láthair ag an gcluiche. An mbeidh siadsan in ann na ceisteanna sin a fhreagairt agus cabhrú leis na Gardaí cód agus rúndiamhra an cháis a réiteach?
    Ar eagla nár leor gunna agus intleacht ghéar bíonn Réics Carló i gcónaí in ann brath ar a dhá dhorn má tharlaíonn sé é a bheith i sáinn.
    Láithreoir: Seán Ó Catháin
    Aíonna: Nóra Nic Con Ultaigh agus Rónán Mistéil
    [Leagan Gaeilge thuas]
    If the best hurler in the country, Seán Ó Glaimhín, is shot dead during the All Ireland Final then he must have got in with the wrong crowd reasons the private detective Réics Carló to this assistant Brian Ó Ruairc both of them shocked at what they have just witnessed in Croke Park. The action on the pitch may have come to a sudden stop but now its time for quick wits to get to the bottom of this gruesome murder. Réics and Brian are only too happy to answer the call of duty and help An Garda Síochána to solve the mystery. But where to start?
    Presenter: Seán Ó Catháin
    Guests: Nóra Nic Con Ultaigh and Rónán Mistéil
    23 min

About ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

From the publisher's feed

[English version below]

More shows like ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Iris Aniar by RTÉ Raidió na Gaeltachta

Iris Aniar

7 Listeners

Splanc by Newstalk

Splanc

2 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

3 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

16 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners