
Sign up to save your podcasts
Or


Tuairiscí le Máire Bhreathnach ó Fhéile na Meán Ceilteach, Ciarán Ó Meachair ó Chonair an Chainneáin Eilvéisigh, agus Áine Ní Dhonnaile ó Fhéile na Gealaí. Reports from Máire Bhreathnach at The Celtic Media Festival, Ciarán Ó Meachair at the Swiss Canyon Trail, and Áine Ní Dhonnaile at Féile na Gealaí.
Tá leabhar úr foilsithe a chíorann cás Seán Brown, an t-oifigeach CLG i mBaile Eachaidh a dúnmharaíodh 29 bliain ó shin an mhí seo - cluineann muid ón údar, Garbhán Downey. Agus Lá Domhanda Feasachta ar Inrochtaineacht linn, déanann Caoimhe plé ar théama na hinrochtaineachta digitigh - cumas lucht míchumais idirghníomhú le haipeanna agus inneachar digiteach - le Dubhaltach Mac Conmidhe, Daráine Mulvihill, Eibhlin O'Riordan agus Brandon Blacoe. Caitlín Nic Íomhair ar fhicsean coireachta sa Ghaeilge.
A newly published book details the story of Seán Brown, the Bellaghy GAA official who was murdered 29 years ago this month - we hear from the book's author, Garbhán Downey.
Pléann Máire Bhreathnach, Eimear McGovern agus Máirín Ní Ghadhra tuarascáil cháinteach a nochtann go leor teipeanna i bhfiosrú an PSNI ar mharú Katie Simpson agus a mhaíonn go bhfuil fadhb chórasach agus chultúrtha sa tseirbhís le fuath ban. Éire Aontaithe: Deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, is teideal de thaighde nua-fhoilsithe, coimisiúnaithe ag Conradh na Gaeilge i gcomhpháirt le hOllscoil na Banríona, agus tá tuairisc againn óna sheoladh. Fosta labhraíonn Caoimhe le Amano, ealaíontóir ildisciplíneach a bhfuil fréamhacha s'aici le fáil i gContae Chiarraí áit ar fhás sí aníos, agus sa tSeapáin, áit ar rugadh í.
Máire Bhreathnach, Eimear McGovern and Máirín Ní Ghadhra discuss a damning report which exposes many failures in the PSNI investigation into the killing of Katie Simpson, and describes a culture of systemic misogyny within the service. Éire Aontaithe: Deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, is the title of newly published research commissioned by Conradh na Gaeilge in conjunction with Queen's University Belfast and we have a report from the launch. Caoimhe chats to Amano, whose work as a multidisplicinary artist is informed by her roots both in Kerry where she grew up and in Japan where she was born.
Tá breithlá mór á cheiliúradh ag David Attenborough, laoch na craoltóireachta dúlra leis an BBC, agus é ag baint amach an chéid. Cluineann muid ó Eoin Warner, nádúraí agus láithreoir teilifíse, faoi thionchar agus oidhreacht Attenborough ó thaobh na craoltóireachta agus ó thaobh na timpeallachta de. Is é Dara Ó Cinnéide a ghlac leis corn Chraobh Leadóige na hÉireann d’Imreoirí Dalla agus Lagradhairc agus é ag glacadh páirte sa chomórtas den chéad uair. Cluineann Fearghal Mag Uiginn an scéal ar fad uaidh. Labhraíonn Caoimhe Ceol le Bríd Harper ⁊ Ryan Molloy.
Dara Ó Cinnéide took home the cup at The Irish National Blind & Visually Impaired Tennis Championships at the weekend, his first time taking part in the event. Fearghal Mag Uiginn hears the whole story from Dara. David Attenborough, legendary natural history broadcaster with the BBC, is celebrating his 100th birthday. We hear from naturalist and television presenter, Eoin Warner, on Attenborough’s legacy and influence, both on programme making and on environmental issues. Caoimhe Ceol chats to Bríd Harper & Ryan Molloy.
Tá noda ag Marion Keogh, dearthóir gairdíní, le muid a mhealladh chun garraíodóireachta agus an t-earrach mall ag iompú ina shamhradh. Leideanna ó Oisín Mac an Bhiocaire, traenálaí pearsanta, roimh Mharatón Bhéal Feirste. Pléann Caoimhe Chats na glórnótaí - crá croí nó sábháil ama?
Ar Blas Pod le Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail: Tá na cáipéisí a bhaineann le Daonáireamh 1926 an tSaorstáit ar fáil anois ar líne, agus an seoladh déanta cothrom an lae a rinneadh an daonáireamh féin, 100 bliain ó shin. Labhraíonn Máire le Vera Moynes ón Chartlann Náisiúnta faoin áis luachmhar seo atá ar fáil go hiomlán saor in aisce. Mar chuid den mhórthéama BBC, Once Upon A Time, téann Caoimhe ar thuras chuig Ríocht na Sí, in éineacht le Dubhán Ó Longáin, Eimear McGovern agus Aoife Nic Con Midhe, agus ceiliúradh á dhéanamh acu ar an síscéalaíocht agus ar scéalta iontais. Déanann Dáithí Ó Múirí cuimhne ar Anne Craig, craoltóir, léiritheoir, bean chultúir, agus duine a bhí ina dlúthchuid de shaol na Gaeilge san iarthuisceart le breis agus daichead bliain. Le Brian Mullen, Mary Delargy agus Séamus Mac Annaidh.
On Blas Pod with Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail: The documents of the 1926 Free State Census have now been made available online, with their launch coinciding with the 100 year anniversary of the census itself. Máire chats to archivist Vera Moynes about this invaluable resource which is completely free to access. As part of the BBC-wide theme Once Upon A Time, Caoimhe journeys to the Kingdom of the Fairies in the company of Dubhán Ó Longáin, Eimear McGovern and Aoife Nic Con Midhe, as they celebrate fairytales and tales of wonder. Dáithí Ó Múirí remembers broadcaster and presenter Anne Craig, who was a huge part of the Irish-language and theatre culture of the north west for over 40 years. With Brian Mullen, Mary Delargy and Séamus Mac Annaidh.
Tá ardú leanúnach ar fhoréigean in aghaidh na mban agus 30 bean maraithe sa tuaisceart ó bhí 2020 ann. Suíonn Caoimhe Ní Chathail síos le Jack Mac Íomhar, Eoin Mag Loinsigh, Joe Mac an Fhailí agus Joe Mac Aoidh leis an fhearúlacht nimhe a phlé, mar aon leis na rudaí ar féidir a dhéanamh le dul i ngleic leis. Fosta, roinneann Cathal Póirtéir cuimhní cinn ar Gabriel Rosenstock
Violence against women and girls is on the rise, with 30 women having been killed in the north since the year 2020. Caoimhe Ní Chathail sits down with Jack Mac Íomhar, Eoin Mag Loinsigh, Joe Mac an Fhailí and Joe Mac Aoidh to discuss toxic masculinity, and what can be done to tackle it. Also, Cathal Póirtéir shares his memories of Gabriel Rosenstock.
OLSPCK Post Primary Schools Senior Football champions. A Taster of Slí na hOllscoile.
Léireofar tionscadal ilmheánach ina bpléitear Béal Feirste tríd an phrós, an fhilíocht, an ghrianghrafadóireacht, an ealaín agus an ceol, mar chuid de sheó speisialta in Áras Mhic Reachtain i dtuaisceart na cathrach. Cluineann Dáithí an scéal ar fad ó léiritheoir an tionscadail Liam Carson, agus fosta ó chuid de na healaíontóirí a bhfuil baint acu leis. Tugann cartlann úr ar líne deis dúinn amharc ar nuachtríleanna cóirithe agus fotheidealaithe Amharc Éireann ó na 1950idí agus 60idí, taifead luachmhar ar stair shóisialta na tíre, agus tá an scéal ar fad dúinn ag Eve Nic an Phápa ó Gael Linn. Tá NASA ag beartú misean eile thart ar an ghealach, agus beidh an scéal uilig againn fá do choinne faoi leis na hiriseoirí Áine Ní Bhreisleáin agus Gearóid Ó Muilleoir!
Encompassing prose, poetry, photography, art and music, Waterfront City: The Belfast Project will celebrate the city in a forthcoming show at Áras Mhic Reachtain in North Belfast. Dáithí hears all about it from the curator Liam Carson, and from some of the artists involved. A new online archive offers the chance to watch restored and subtitled Amharc Éireann newsreels from the 1950s and 60s, a valuable snapshot of the social history of Ireland, and Eve Nic an Phapa from Gael Linn joins us to tell us more. NASA is planning another mission around the moon, and we’ll have the full story for you with journalists Áine Ní Bhreisleáin and Gearóid Ó Muilleoir!
Cluineann muid ón cheoltóir Dónal Kearney, aitheanta ón ghrúpa Trú, faoina thuras teanga le cúpla bliain anuas, agus faoina chéad amhrán atá cumtha aige i nGaeilge. Antaine Ó Donnaile ar Ceann Dubhrann atá á chur beo arís anois ar BBC Sounds le linn Seachtain na Gaeilge ⁊ Díolta Faoina Luach. Diarmuid de Brún ar Foghlaimeoirí/Learners, dráma Dátheangach Aisteoirí Charn Tóchair.
We hear from musician Dónal Kearney, known from the group Trú, about his language journey over the past few years and about his first song composed in Irish. Antaine Ó Donnaile on Ceann Dubhrann, which we’re republishing on BBC Sounds during Seachtain na Gaeilge and Díolta Faoina Luach. Diarmuid de Brún on Foghlaimeoirí/Learners, a bilingual play by Aisteoirí Charn Tóchair.
From the publisher's feed
Podchraoladh: Inneachar tráthúil fuaime ó fhoireann BBC Blas.

7,625 Listeners

1,048 Listeners

5,481 Listeners

1,797 Listeners

1,811 Listeners

1,033 Listeners

1,907 Listeners

43 Listeners

8 Listeners

3,225 Listeners

2 Listeners

723 Listeners

9 Listeners

1,004 Listeners

21 Listeners

3 Listeners

0 Listeners

1 Listeners

0 Listeners

32 Listeners

4 Listeners

31 Listeners

0 Listeners