Blas Pod

Blas Pod

By BBC Radio Ulster
Download on the App Store

Blas Pod episodes

  • Rugbaí, Iománaíocht, Ceiliúradh ar an CCG, Físchluichí

    Tá troid fhíochmhar déanta ag fir na hÉireann i gCraobh na Sé Náisiún ach ní leor é leis an chraobh a bhaint – pléann Marcus Ó Buachalla an aicsean ar fad. Míníonn Rian Ó Dúill dul chun cinn fhoireann iomána an Dúin. Tá an Ciste Craoltóireachta Gaeilge ag ceiliúradh 20 bliain ar an fhód i mbliana agus tá tuairisc speisialta againn uaidh sin, agus cluineann muid ón dearthóir físchluichí Cillian Ó Fearraigh, atá i mbun forbartha ar fhíschluiche stráitéise as Gaeilge.

    Ireland’s men in green put in a mighty fight in the Six Nations but it wasn’t enough to win – Marcus Ó Buachalla chats through all the action. Rian Ó Dúill discusses the Down Hurling team’s recent success. We have a special report from the Irish Language Broadcast Fund’s 20th birthday celebration and we hear from video game designer Cillian Ó Fearraigh, who is working on a strategy game in Irish.

    27 min
  • Rugbaí, Lúthchleasaíocht, Blas ar an Ómaigh

    Caitheann John Broderick súil siar ar rugbaí an deireadh seachtaine. Amharcann Deirbhile Ryan ar an lúthchleasaíocht. Bhí Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh ag Máire Bhreathnach le clár speisialta, beo ó Dhún Uladh ar an Ómaigh.

    John Broderick has a look back on the weekend’s rugby. Deirbhile Ryan has the latest from the world of athletics. Máire Bhreathnach celebrated Seachtain na Gaeilge with a special programme, live from Dún Uladh in Omagh.

    20 min
  • Gaeilge sna Cúirteanna, Scoth na Leabhar Gaeilge do Pháistí, Réiteoir!, Fiachna Ó Braonáin agus Eve Belle i mbun Blas Ceoil.

    Míníonn an dlíodóir Niall Murphy aisghairm an dlí a chuir cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna. Labhraíonn Patricia Forde, Laureate na nÓg, faoi threoirleabhar úr maidir le leabhair Ghaeilge do pháistí. Tá Gráinne McElwaine ag fiosrú drochíde ar réiteoirí peile sa Chumann Lúthchleas Gael i gclár úr teilifíse. Cuireann Fiachna Ó Braonáin agus Eve Belle tús le tréimhse i mbun Blas Ceoil.

    Lawyer Niall Murphy explains how a law that banned Irish from being spoken in court was repealed recently. Laureate na nÓg Patricia Forde joins us with news of a new reading guide for children’s books in the Irish language. Gráinne McElwaine is investigating the abuse towards referees in the GAA in a new TV programme. Fiachna Ó Braonáin and Eve Belle start their stint presenting Blas Ceoil.

    28 min
  • Amhránaíocht na hAlban, Acadamh Nua do Réiteoirí Ban, Sloinnte na hÉireann.

    Táimid ag súil le Seachtain na Gaeilge, ach tá Seachdain na Gàidhlig cheana féin faoi lán seoil agus tuairisc ag Dubhaltach Mac Conmidhe dúinn ó cheardlann amhránaíochta i nGaeilge na hAlban leis an cheoltóir Brian Ó hEadhra i mBéal Feirste ar na mallaibh. Pléann Siobhán Coyle Acadamh na Réiteoirí Ban, togra úr atá ar bun ag an Chumann Camógaíochta, Cumann Peil Gael na mBan agus an CLG le tacaíocht a thabhairt do réiteoirí ban. Agus cluineann muid ó Dhéaglán Ó Doibhlin faoin léacht ar shloinnte na hÉireann a bheas á thabhairt aige i nDún Geanainn.

    As we look forward to Seachtain na Gaeilge, Seachdain na Gàidhlig is already underway, and Dubhaltach Mac Conmidhe has a report for us from a recent workshop in Belfast on Scottish Gaelic song with musician and educator Brian Ó hEadhra. Siobhán Coyle tells us about the Female Referee Academy for Gaelic Games, a new initiative from the Camogie Association, the LGFA and the GAA, aimed at supporting female referees. And we hear from Déaglán Ó Doibhlin about his forthcoming lecture in Dungannon on the surnames of Ireland.

    25 min
  • Comhghael: Ollchruinniú na nGael, Fliú na n-Éan, Dornaclaíocht, Léirmheastóireacht ar Bhialanna.

    Tháinig mic léinn ó fud fad na tíre le chéile in Ollscoil na Gaillimhe ar na mallaibh don imeacht Comhghael: Ollchruinniú na nGael, eagraithe ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn, agus bhí ár dtuairisceoir Áine Ní Dhonnaile i láthair do Blas. Tá fliú na n-éan faoi chaibidil ag an tréidlia Peadar Ó Scanaill. An bhfuil a fhios agat cad is Dornaclaíocht ann? Tá tuilleadh eolais ag Adam Mac Conmidhe faoi. Agus i ndiaidh do na réaltaí Michelin a bheith bronnta le déanaí, fiosraíonn muid an ról atá ag measúnú agus léirmheastóireacht ar bhialanna sa lá atá inniu ann, leis an tsaineolaí bia Máirtín Mac Con Iomaire.

    Students from the length and breadth of the country came together recently at the University of Galway for the Comhghael: Ollchruinniú na nGael event, organised by the Union of Students in Ireland. Áine Ní Dhonnaile reports for Blas. Vet Peadar Ó Scanaill has the latest news on bird flu. Have you ever heard of Boxercise? Adam Mac Conmidhe has all the info on it. And following the recent awarding of Michelin stars, food expert Máirtín Mac Con Iomaire discusses the role of modern-day restaurant reviews and assessment.

    33 min
  • An Fhéile Eolaíochta, Comórtas Clárscátála na hÉireann, Sábháilteacht ar line, Julie Jay.

    Buaileann an saineolaí dúlra Aoife de Bhál isteach chugainn sa stiúideo le labhairt ar na himeachtaí a bheas ar bun aici san Fhéile Eolaíochta, agus cúpla samplaí ina póca aici de na beacáin a bheas á phlé aici le linn ceann de na himeachtaí sin. Fógraíodh le déanaí go mbeidh Comórtas Clárscátála na hÉireann ag teacht go Doire i mbliana, an chéad chomórtas le 8 mbliana anuas. Tá an scéal ar fad ag an scátálaí Lena Siew. Tá Andy Caomhánach linn le sábháilteacht ar líne a phlé. Agus tá craic againn leis an fhuirseoir Julie Jay agus í ag ullmhú dá seó Smidiríní i mBéal Feirste.

    Nature expert Aoife de Bhál calls in to chat about her events during the NI Science Festival, with a few samples in her pocket of the fungi she will be discussing in one of those events. It was announced recently that the All-Ireland Skate competition will be coming to Derry this year, the first competition for 8 years. Skateboarder Lena Siew has the whole story. Andy Caomhánach joins us to discuss online safety. And we enjoy the craic with comedian Julie Jay ahead of her Smidiríní gig in Belfast.

    34 min
  • Giorraíonn Beirt Bóthar, Superbowl, Glór Nua, How To Gael

    Siúlann Tessa Fleming agus Cormac Ó hAdhmaill an bealach ársa ó Dhún Dealgan go hArd Mhacha sa tsraith úr BBC Gaeilge, Giorraíonn Beirt Bóthar, atá ar fáil ina iomláine ar an iPlayer. Labhraíonn an bheirt taistealaithe le Dáithí faoi na seoda a dtáinig siad orthu agus iad ag spaisteoireacht leo. Tá réamhamharc ag Séamus Ó Tuama ar an chluiche is mó sa pheil Mheiriceánach, an Superbowl, a thitfeas amach Dé Domhnaigh. Labhraíonn Beth Nic Aodha as an Lorgain le Caoimhe faoin chéad eagrán dá hiris úr, Glór Nua, atá go díreach foilsithe aici ar líne agus tá Síomha Ní Ruairc linn agus í ag súil leis an phodchraoladh, How To Gael, a bheas á thaifeadadh aici féin, Louise de Cantalún agus Doireann Ní Ghlacáin beo san ionad Oh Yeah i mBéal Feirste.

    Tessa Fleming and Cormac Ó hÁdhmaill walk the ancient route from Dundalk to Armagh, in the footsteps of Cú Chulainn, for the new BBC Gaeilge series, Giorraíonn Beirt Bóthar, which is available in its entirety on BBC iPlayer. Séamus Ó Tuama looks ahead to the biggest game in American football, the Superbowl, which will take place on Sunday. Beth Nic Aodha from Lurgan chats to Caoimhe about the first issue of her brand new online magazine, Glór Nua, and Síomha Ní Ruairc joins us to look forward to recording the How To Gael podcast, which she co-hosts with Louise Cantillon and Doireann Ní Ghlacáin, live at the Oh Yeah centre in Belfast.

    33 min
  • Scioból na bhFear i nGleann Chollainn, Rialacha Úra CLG, DeepSeek agus IS, Imbolg.

    Tugann MaryClaire Nic Uilliam cuairt ar Scioból na bhFear i nGleann Chollainn, áit a bhfuil grúpa ceoil ucailéile curtha le chéile acu. Déanann Niamh McElduff agus Seán Ó Gallchóir a machnamh ar na rialacha úra CLG. Pléann Andy Caomhánach DeepSeek agus IS. Agus amharcann Aedín Ní Thiarnaigh ar nósanna Imbolg agus Lá ’le Bríde.

    MaryClaire Nic Uilliam visits Colin Glen’s Men’s Shed and their in-house ukulele band. Niamh McElduff and Seán Ó Gallchóir talk through the GAA rule changes. Andy Caomhánach looks at DeepSeek and AI. And Aedín Ní Thiarnaigh shares Imbolg and St Brigid’s Day.

    27 min
  • Pilates Fráma Charráistigh, An Makar Úr, Aistir Aclaíochta.

    Míníonn Eimear Nic Giolla Phádraig cad is ‘Pilates Fráma Charráistigh’ ann agus na dóigheanna ar féidir leis cuidiú le meabhairshláinte an duine. Cluinimid ó Phádraig MacAoidh, an Makar úr, nó file úr náisiúnta na hAlban – cainteoir dúchais as Oileán Leodhais, a scríobhann formhór a chuid filíochta i nGaeilge na hAlban. Tugann Storm Eaton-Kilgallen, Niamh Nic An Fhailigh agus Jack Mac Íomhair uasdátú do Chaoimhe ar a n-aistir aclaíochta. Eimear Nic Giolla Phádraig explains ‘Reformer Pilates’ and how it can help with your mental health. We meet Pádraig Mac Aoidh, Scotland’s new national poet or Makar - a native speaker from the Isle of Lewis writing primarily in Gaelic. Storm Eaton-Kilgallen, Niamh Nic An Fhailigh and Jack Mac Íomhair update Caoimhe on their fitness journeys.

    29 min
  • Scioból na bhFear, Rialacha úra Peile, Intleacht Shaorga, Nósanna Imbolg and Lá Fhéile Bríde

    Tugann MaryClaire Nic Uilliam cuairt ar Scioból na bhFear i nGleann Chollainn, áit a bhfuil grúpa ceoil ucailéile curtha le chéile acu. Pléann Séan Ó Gallchóir agus Niamh McElduff na rialacha úra peile. Labhraíonn Andy Caomhánach ar an Intleacht Shaorga nua, DeepSeek agus an fáth a bhfuil daoine chomh tógtha sin leis. Tá Aedín Ní Thiarnaigh ag caint ar nósanna a bhaineann le Imbolg and Lá Fhéile Bríde.

    MaryClaire Nic Uilliam drops into a ukelele sesssion at the Men’s Shed at Colin Glen. Seán Ó Gallchóir and Niamh Mc Elduff discuss the new football rules. Andy Caomhánach with a run down on the new Artificial Intelligence Chatbot, DeepSeek and explains why people are so taken by it. Aedín Ní Thiarnaigh tells us about the customs around Imbolg and St Bridget's Day.

    27 min

About Blas Pod

From the publisher's feed

An chuid is fearr d’inneachar tráthúil fuaime ó fhoireann BBC Blas, idir chúrsaí spóirt, ealaíne, reatha agus an aosa óig. The very best of BBC Gaeilge's magazine show, Blas, from sport to art,…

More shows like Blas Pod

Global News Podcast by BBC World Service

Global News Podcast

7,593 Listeners

Newshour by BBC World Service

Newshour

1,050 Listeners

In Our Time by BBC Radio 4

In Our Time

5,526 Listeners

The Documentary Podcast by BBC World Service

The Documentary Podcast

1,804 Listeners

6 Minute English by BBC Radio

6 Minute English

1,802 Listeners

Learning English Conversations by BBC Radio

Learning English Conversations

1,037 Listeners

The Infinite Monkey Cage by BBC Radio 4

The Infinite Monkey Cage

2,046 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

57 Listeners

An Saol ó Dheas by RTÉ Raidió na Gaeltachta

An Saol ó Dheas

8 Listeners

You're Dead to Me by BBC Radio 4

You're Dead to Me

3,157 Listeners

Splanc by Newstalk

Splanc

2 Listeners

Americast by BBC News

Americast

820 Listeners

Learn Irish with daily podcasts by V H

Learn Irish with daily podcasts

8 Listeners

The Bomb by BBC World Service

The Bomb

1,005 Listeners

Nuacht Mhall by Conradh na Gaeilge i Londain

Nuacht Mhall

20 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Cartlann Bhóthar na Léinsí by RTÉ Raidió na Gaeltachta

Cartlann Bhóthar na Léinsí

0 Listeners

Tús Áite by RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tús Áite

0 Listeners

Raidió na Life 106.4FM by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Raidió na Life 106.4FM

0 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

34 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

Speaking Irish by Speaking Irish

Speaking Irish

35 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners