
Sign up to save your podcasts
Or


Cluineann Caoimhe fán dráma aonair nua-astraithe, Dathanna Geala Amháin, ón aisteoir Brídín Ní Mhaoldomhnaigh. Tá Cleamairí Feirste ag léiriú ceoil, dráma agus craic i seónna s’acu, cluineann muid ó dhuine de na Cleamairí, Cormac ‘Buzz’ Ó Brien, agus neart seónna ar na bacáin acu. Fosta, I ndiaidh chlúdach cuimsitheach BBC Raidió Uladh ar Mharatón Chathair Bhéal Feirste, tá duine de na reathaithe féin linn: Colm Ó Donnchadh as Machaire Rabhartaigh. Tá an traenálaí aclaíochta Joe Mac an Fhailí ann fosta le comhairle a chur ar a chara Colm, maraon le héisteoir ar bith eile atá ag mothú nimhneach tar éis a gcuid iarrachtaí ar fad inné, agus atá ag iarraidh teacht chucu féin a luaithe agus is féidir.
Caoimhe hears all about the newly translated one-woman show, Dathanna Geala Amháin (Bright Colours Only), from actor Brídín Ní Mhaoldomhnaigh. The Belfast Wren Boys have shows packed with music, drama and plenty of craic and they have a busy weekend ahead of them. We hear all about it from one of the Wrens Cormac ‘Buzz’ Ó Brien. Also, following on from the comprehensive coverage of Belfast City Marathon on BBC Radio Ulster, one of the runners themselves is with us: Colm Ó Donnchadh from Machaire Rabhartaigh. Fitness trainer Joe Mac an Fhailí joins us to offer his advice to Colm and any other listener who is feeling the aches and pains after yesterday’s efforts and wants to accelerate their recovery.
Tá an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta sa Háig ag cluinstean faoin dualgas atá ar Iosrael cabhair dhaonnúil a éascú go phobal Gaza agus an Bhruach Thiar. Cluineann muid ón Ollamh le Dlí, Fionnuala Ní Aoláin leis an scéal a phlé. Bhuail ciorrú cumhachta ollmhór leithinis na hIbéire an tseachtain seo agus faigheann muid tuairisc ó Chathal Ó Cuaig sa Chatalóin. Agus an raibh a fhios agat go bhfuil Ambasadóir na Seapáine in Éirinn ag foghlaim na Gaeilge? Bhuel thug an tUasal Junji Shimada cuairt ó thuaidh le déanaí agus bhuail Róisín Ní Chéileachair leis agus lena ateangaire, Dáithí Ó hAodha - Oifigeach Cultúrtha in Ambasáid na Seapáine in Éirinn.
The International Court of Justice in the Hague is currently hearing about Israel's obligation to facilitate humanitarian aid to Palestinians in Gaza and the occupied West Bank. Law professor Fionnuala Ní Aoláin joins Máire Bhreathnach to discuss it. Cathal Ó Cuaig reports from Catalonia on the power outage that hit the Iberian peninsula this week. And did you know that the Japanese Ambasador in Ireland was learning Irish? Well, while on a recent visit Mr Junji Shimar, and his interpreter, Dáithí Ó hAodha - a Culture Officer in the Japanese Embassy in Ireland, met with BBC Gaeilge.
An tseachtain seo craoladh eagrán speisialta de Ón Taobhlíne in ómós do Mick O’Dwyer, nó Micko mar is fearr aithne air, duine de na himreoirí agus bainisteoirí is rathúla i stair na peile ó thús ama. Labhair Fearghal le Mickey Ned Ó Súilleabháin, a d’imir taobh leis ar fhoireann Chiarraí, agus a bhí ina chéad chaptaen ag Micko nuair a tháinig Micko isteach mar bhainisteoir Chiarraí i 1975; leis an fhisiteiripeoir Éamonn Ó Muircheartaigh, a bhí ar fhoireann tacaíochta Micko le Cill Dara, Laois agus Cill Mhantáin; agus leis na deartháireacha Dara agus Breandán Ó hAnnaidh ó Chumann Éiméid Bhré, a d’imir ar fhoireann Chill Mhantáin faoi stiúir Micko. Chomh maith leis sin, bhuail na ceoltóirí Ryan Molloy agus Fergal Scahill isteach chuig Jack Warnock ar Blas Ceoil na seachtaine seo a chuaigh thart le labhairt fána n-albam úr.
In a special edition of Ón Taobhlíne broadcast this week, Fearghal Mag Uiginn payed tribute to the late and legendary Mick O’Dwyer, or Micko as he was better known, one of the most successful players and managers in the whole history of Gaelic football. Featuring Mickey Ned Ó Súilleabháin, a former teammate of Micko’s on the Kerry team, who subsequently was his first captain when Micko became Kerry manager in 1975; Éamonn Ó Muircheartaigh, physiotherapist in Micko’s backroom team at Kildare, Laois and Wicklow; and finally, brothers Dara and Breandán Ó hAnnaidh from the Bray Emmets club, who played on Micko’s Wicklow team. And musicians Ryan Molloy and Fergal Scahill joined Jack Warnock on last week’s Blas Ceoil to chat about their new album.
Ghlac 50 Gael páirt i ndúshlán 17 snámh, ceann in achan chontae in Éirinn a bhfuil cósta aici, agus bhí Niamh Nic Oistigín i láthair do Ón Taobhlíne ag an snámh deiridh i mBré, Contae Chill Mhantáin. Tá scéalta siamsaíochta móra na seachtaine á phlé ag Caoimhe Ní Chathail lena paineál cáinte agus ‘Agony Aunts’ na Gaeilge - Seán Ó Baoill, Storm Eaton-Kilgallen agus Kathryn Ní Mhaoláin.
50 swimmers took part in a 17-swim challenge, one in every coastal county in Ireland, and Niamh Nic Oistigín was there for Ón Taobhlíne at the final swim in Bray, County Wicklow. Caoimhe Ní Chathail discusses the week’s entertainment news with her panel and Irish speaking Agony Aunts - Seán Ó Baoill, Storm Eaton-Kilgallen and Kathryn Ní Mhaoláin.
Tá an Dr Sorcha de Brún i ndiaidh roinnt de shaothar Shakespeare a aistriú go Gaeilge. Labhraíonn sí fán obair seo le Dáithí. Tá léirscrios déanta ag loscadh sléibhe sna Beanna Boirche leis an tseirbhís dóiteáin ag déileáil le os cionn 200 tine le cúpla lá anuas agus dar leis an tseirbhís, tá an mhórchuid de na tinte sin tosaithe d’aon turas. Labhair John Ross Mac Mathúna, an gníomhaí timpeallachta áitiúil, le Máire leis an scéal a phlé. Tá Póilín Nic Géidigh díreach pillte ar ais ó chúpla sheachtain taistil, agus insíonn sí do Chaoimhe faoin turas ar fad agus tugann sí féin agus Emma Ní Chearúil moltaí taistil s’acu féin, mar aon leis an scéal is déanaí faoi chúrsaí siamsaíochta.
Dr Sorcha de Brún is in the process of translating Shakespeare’s works to Irish. She tells Dáithí all about this work. Devastation has been caused by Mourne wildfires with the Fire and Rescue Service tackling over 200 fires in recent days - and most of those, according to the service, having been started deliberately. Máire discusses the situation with local environmental activist John Ross Mac Mathúna. Póilín Nic Géidigh has recently returned from a few weeks of traveling, and she tells Caoimhe all about her adventures and she and Emma Ní Chearúil both share their travel tips and the latest news from the entertainment world.
Tá Cló Iar-Chonnacht ag ceiliúradh dhá scór bliain ar an fhód i mbliana. Cluineann Dáithí faoin mhéid atá beartaithe don cheiliúradh ón Bhainisteoir Stiúrtha, Deirdre Ní Thuathail. Tá Bunscoil Bheann Mhadagáin ag ceiliúradh leo fosta, 30 bliain ó osclaíodh doirse na scoile den chéad uair. Labhraíonn Dáithí le príomhoide na scoile, Máire Uí Éigeartaigh. Agus labhraíonn Bairbre Ní Chiosáin le Máire ón Fhrainc, i ndiaidh do na cúirteanna cosc cúig bliana a chur ar Marine le Pen a bheith ina hiarrthóir toghchána.
Cló Iar-Chonnacht are celebrating 40 years this year, so Dáithí hears all about the celebrations planned from the Managing Director Deirdre Ní Thuathail. Bunscoil Bheann Mhadagáin are also celebrating this year, 30 years since they first opened their doors. Dáithí talks to the school Principal Máire Uí Éigeartaigh. And Bairbre Ní Chiosáin joins us from France on the political fallout from the decision by the courts to ban Marine le Pen from running for office for the next five years.
Fógraíodh buaiteoirí chomórtas “Clubanna Sláintiúla/Is fiú achan chéim” an CLG le deireannas agus cluineann muid ó Threasa Uí Dhúláin ó CLG Chaisleán na Deirge, ceann de na buaiteoirí. Cad é an Ghaeilge ar ‘Catfish?’ Míníonn duine ón Choiste Téarmaíochta, an Dr Gearóid Ó Cleircín, an dóigh a chumann siad focail agus téamaí úra sa Ghaeilge. Seachtain an Néara-éagsúlachta a bhí ann ar an tseachtain seo a chuaigh thart agus i ndiaidh do thuarascáil taighde a bheith seolta acu, cluineann muid faoin tionscnamh óige uaillmhianach Sólás na nÓg, a chuireann seirbhís óige ar fáil do Ghaeilgeoirí óga atá néara-éagsúil ag Glór na Móna in iarthar Bhéal Feirste. Tá comhordaitheoir na seirbhíse féin, Pádraigín Nic Mhathúna, linn, chomh maith le húdar an taighde acadúil, an Dr Órla Nig Oirc.
The winners of the GAA’s “Healthy Clubs/Every Step Counts” competition were recently announced and we hear from Treasa Uí Dhúláin from Castlederg GAC, one of the competition’s winners. Have you ever thought about how new words are created in Irish? Well, it turns out there is a whole committee that meets once a month to work them out and one of the members, Dr Gearóid Ó Cleircín, explains all about it, including how they decided to translate the word Catfish – not the fish itself, but the term for someone who sets up a fake online profile to trick another. Following the launch of a research report on Sólás na nÓg, a youth project for neurodiverse young Irish speakers based at Glór na Móna in West Belfast, we are joined by the project co-ordinator, Pádraigín Nic Mhathúna, and the author of the academic research, Dr Órla Nig Oirc.
Tá troid fhíochmhar déanta ag fir na hÉireann i gCraobh na Sé Náisiún ach ní leor é leis an chraobh a bhaint – pléann Marcus Ó Buachalla an aicsean ar fad. Míníonn Rian Ó Dúill dul chun cinn fhoireann iomána an Dúin. Tá an Ciste Craoltóireachta Gaeilge ag ceiliúradh 20 bliain ar an fhód i mbliana agus tá tuairisc speisialta againn uaidh sin, agus cluineann muid ón dearthóir físchluichí Cillian Ó Fearraigh, atá i mbun forbartha ar fhíschluiche stráitéise as Gaeilge.
Ireland’s men in green put in a mighty fight in the Six Nations but it wasn’t enough to win – Marcus Ó Buachalla chats through all the action. Rian Ó Dúill discusses the Down Hurling team’s recent success. We have a special report from the Irish Language Broadcast Fund’s 20th birthday celebration and we hear from video game designer Cillian Ó Fearraigh, who is working on a strategy game in Irish.
Caitheann John Broderick súil siar ar rugbaí an deireadh seachtaine. Amharcann Deirbhile Ryan ar an lúthchleasaíocht. Bhí Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh ag Máire Bhreathnach le clár speisialta, beo ó Dhún Uladh ar an Ómaigh.
John Broderick has a look back on the weekend’s rugby. Deirbhile Ryan has the latest from the world of athletics. Máire Bhreathnach celebrated Seachtain na Gaeilge with a special programme, live from Dún Uladh in Omagh.
Míníonn an dlíodóir Niall Murphy aisghairm an dlí a chuir cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna. Labhraíonn Patricia Forde, Laureate na nÓg, faoi threoirleabhar úr maidir le leabhair Ghaeilge do pháistí. Tá Gráinne McElwaine ag fiosrú drochíde ar réiteoirí peile sa Chumann Lúthchleas Gael i gclár úr teilifíse. Cuireann Fiachna Ó Braonáin agus Eve Belle tús le tréimhse i mbun Blas Ceoil.
Lawyer Niall Murphy explains how a law that banned Irish from being spoken in court was repealed recently. Laureate na nÓg Patricia Forde joins us with news of a new reading guide for children’s books in the Irish language. Gráinne McElwaine is investigating the abuse towards referees in the GAA in a new TV programme. Fiachna Ó Braonáin and Eve Belle start their stint presenting Blas Ceoil.
From the publisher's feed
Podchraoladh: Inneachar tráthúil fuaime ó fhoireann BBC Blas.

7,625 Listeners

1,048 Listeners

5,481 Listeners

1,797 Listeners

1,811 Listeners

1,033 Listeners

1,907 Listeners

43 Listeners

8 Listeners

3,225 Listeners

2 Listeners

723 Listeners

9 Listeners

1,004 Listeners

21 Listeners

3 Listeners

0 Listeners

1 Listeners

0 Listeners

32 Listeners

4 Listeners

31 Listeners

0 Listeners