Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an cúigiú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.
De réir fianaise nua a tháinig chun solais le linn na seachtaine, is dócha gur mharaigh fórsaí Iosraelacha 15 oibrí leighis agus oibrí daonnúil le piléair a bhí scaoilte i neasraon, seachas ó raon fada. Chuaigh na hoibrithe cabhracha ar iarraidh ar 23 Márta agus iad i mbun misean tarrthála i gceantar Tal as-Sultan in Rafah, nuair a rinne na fórsaí Iosraelacha ionsaí orthu. Déardaoin, thángthas ar corpáin na n-oibrithe, seachas duine amháin atá fós ar iarraidh, seachtain i ndiaidh an ionsaithe, in olluaigh sa ghaineamh, dar le hOifig na Náisiún Aontaithe. Dúirt urlabhraí milítea Iosraelach gur “thosaigh na fórsaí ag scaoileadh ar sceimhlitheoirí a bhí ag gluaiseacht chun tosaigh in otharcairr” agus go raibh fiosrúchán faoin eachtra idir lámha. Is minic a bhíonn ionsaithe dírithe ar oibríthe daonnúla sa chogadh in Gaza, agus maraíodh 408 díobh go dtí seo.
In Hertfordshire sa Bhreatain, gabhadh seabhac Harris, a bhí ag déanamh ionsaí ar mhuintir an tsráidbhaile arís agus arís eile. Tá an t-ainm céanna ag an fhear áitiúil a ghabh an seabhac: dúirt Steve Harris gur éirigh leis an seabhac a ghabhal go daonnachtúil ina ghairdín féin in Flamstead, Hertfordshire. Creidtear gur éalaigh an seabhac ón ghéibheann agus, le roinnt seachtainí, thug an seabhac sitheadh anuas ar thart fá 50 duine, agus d’éirigh leis fuil a tharraingt ó roinnt daoine. Tugadh Jim Hewitt go dtí an t-ospidéal agus é ag cur fola i ndiaidh dó buille a mhothú ar chúl a chinn ar a bhealach go dtí an siopa. Dúirt an fear, atá cúig bliana is seachtó d'aois, go raibh "ríméad" air gur gabhadh an seabhac, agus gheall sé: "Ní bhfaighidh éan mallaithe an ceann is fearr ormsa." Dúirt Steve Harris gur faoiseamh a bhí ann go raibh an seabhac gafa faoi dheireadh. Anois, tá an t-éan faoi chúram seabhcóra, a dúirt go raibh an chuma ar an seabhac gur tógadh i ngéibheann é ach is dócha go raibh sé scaoilte le bliain anuas.
Déardaoin, fógraíodh go raibh iarbhainisteoir fhoireann peile Chiarraí Mick O'Dwyer i ndiaidh bháis agus é ocht mbliana is ceithre scór d’aois. Bhuaigh sé ceithre Chraobh na hÉireann idir 1959 agus 1970 mar imreoir agus ansin ocht gcinn mar bhainisteoir ceannródaíoch i rith na seachtóidí agus na n-ochtóidí. Foireann den scoth a bhí i bhfoireann Chiarraí, a bhí i ndianiomaíocht le Baile Átha Cliath sa tréimhse sin. Bhuaigh Micko, mar a thugtar air, Craobh na Mumhan 23 uair agus an tSraith Náisúnta aon uair déag mar imreoir agus mar bhainisteoir fosta. Thacaigh sé le foirne i gCill Dara, Laois, Cill Mhantáin agus sa Chlár, agus é ina bhainisteoir leo. Cé go raibh slíte beatha éagsúla aige amuigh ón pháirc imeartha, is as an pheil Ghaelach a mbeidh clú air go deo, mar dhuine de na daoine is fearr sa chluiche riamh. Mar a dúirt an fear é féin, “Níl tada eile le déanamh agam. Tá achan rud déanta agam. Agus bhain mé an-taitneamh as agus ní athróinn ar ór ná airgead é.”
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
i neasraon - at close range
olluaigh - mass grave
seabhac - hawk
sitheadh - swoop
ceannródaíoch - trailblazing
dianiomaíocht - intense rivalry